Philips 65PFS6659/12 User Manual

Page of 103
Statach sa roghchlár céanna.
Fadhbanna líonra
Níor aimsíodh an líonra gan sreang nó tá sé díchumtha
• Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó gléasanna eile Wi-
Fi 802.11b/g/n i do chomharsanacht in ann cur isteach ar an
líonra gan sreang.
• Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra rochtain ar
nasc gan sreang na teilifíse.
• Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do theach,
bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil. 
Ní oibríonn an tIdirlíon
• Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil nasc an
ródaire don Idirlíon. 
Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall
• Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan sreang chun
eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta aistrithe nó fachtóirí eile a
bhaineann le caighdeán an chomhartha.
• Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do ródaire.
3.2
Líonra sreangaithe
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Teastaíonn 
ródaire líonra uait chun an teilifís a nascadh leis an
Idirlíon. Úsáid ródaire a bhfuil nasc ardluais (leathanbhanda) aige
don Idirlíon.
Comhroinnt comhad
 
 
Is féidir leat grianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte ar do
ríomhaire a oscailt ar an teilifís seo. Úsáid leagan úrnua de
bhogearraí freastalaí meán cosúil le Philips MediaManager*,
Windows Media Player 11, Twonky™ nó a leithéid.
Suiteáil na bogearraí freastalaí meán ar do ríomhaire agus
socraigh é chun do chomhaid meán a roinnt leis an teilifís. Léigh
an treoirleabhar don bhogearraí freastalaí meán chun tuilleadh
eolais a fháil. Ní mór do na bogearraí seo a bheith ag rith ar do
ríomhaire chun do chomhaid a fheiceáil nó a sheinnt ar an teilifís.
* Is féidir leat na bogearraí Philips MediaManager a íoslódáil ó
láithreán tacaíochta Philips  
In 
Cabhair, brúigh 
 Eochairfhocail agus déan cuardach do 
Bogearraí freastalaí meán, tacaithe chun forbhreathnú a fháil ar
na bogearraí freastalaí meán atá tacaithe.
Nasc an ródaire
Lean céimeanna 
1 go 5 chun an ródaire a nascadh agus a
shuiteáil.
1 - Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla
Ethernet**).
2 - Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air.
3 - Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh 
Nasc le líonra agus brúigh OK.
5 - Roghnaigh 
Sreangaithe agus brúigh OK.
Déanann an teilifís cuardach leanúnach don nasc líonra.
Taispeánfar teachtaireacht nuair a éireoidh leis an nasc. 
Cumraíocht líonra
Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an ródaire a
sheiceáil. Ba cheart DHCP a shocrú do 
Air.
Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait do líonra a
shuiteáil le seolachán IP statach, athraigh socrú na teilifíse go IP
Statach.
Chun socrú na teilifíse a athrú go IP Statach, brúigh 
 agus
roghnaigh 
Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh 
Socruithe líonra > Socruithe líonra > Cumraíocht
líonra >IP Statach. Nuair atá IP Statach roghnaithe sa roghchlár,
is féidir leat an seoladh IP agus socruithe riachtanacha eile a
shocrú in 
Cumraíocht IP Statachsa roghchlár céanna.
**Chun rialacháin EMC a chomhlíonadh, úsáid cábla Ethernet
FTP Cat. 5E díonta.
3.3
Socruithe líonra
Chun na socruithe Líonra a oscailt. . .
1 - Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh 
Socruithe líonra agus brúigh OK.
• 
Socruithe líonra amhairc
Tá gach socrú líonra reatha ar taispeáint anseo. An seoladh IP
agus MAC, neart an chomhartha, luas, modh criptithe, srl.
• 
Socruithe líonra
- Cineál líonra
Athraíonn sé socrú an líonra do Sreangaithe nó Gan Sreang.
- Cumraíocht líonra
Socraíonn sé an chumraíocht líonra go DHCP nó IP Statach.
• 
Athsheinm meán Wi-Fi
Socraigh an DMR go Air chun comhaid ilmheáin a fháil ó fhóin
10