Philips 65PFS6659/12 User Manual

Page of 103
• Do theilifíseanna a bhfuil nascóirí compháirte acu amháin.
CVBS - Fuaim Clé Deas
Is nasc ar ardchaighdeán CVBS - Fís Ilchodach. Is féidir na
comharthaí Fuaime Clé agus Deas a chasadh air in aice leis an
gcomhartha CVBS.
• Roinneann Y an seac céanna le CVBS.
• Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime. 
• Do theilifíseanna a bhfuil nascóirí comhpháirte/ilchodacha acu
amháin.
SCART
Nasc ar chaighdeán maith é SCART. Is féidir an nasc SCART a
úsáid le haghaidh comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é
a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Bíonn
idir comharthaí físe agus fuaime i gceist leis an nasc SCART.
Úsáid an cábla cuibheora SCART chun do ghléas a nascadh.
 
Fuaim Amach - Optúil
Nasc ar ardchaighdeán é Fuaim Amach - Optúil. Tá an nasc
optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar. Mura bhfuil nasc
HDMI ARC ag do ghléas, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile
(HTS) é, is féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Optúil -
Fuaim Amach ar an HTS. Seolann an nasc Optúil - Fuaim Amach
an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
Is féidir leat cineál an chomhartha fuaime amach a shocrú chun
dul in oiriúint do chumais fuaime do Chóras Amharclainne Baile.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh 
 Eochairfhocail agus déan
cuardach do 
Socruithe Fuaim Amach.
Mura bhfuil an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an scáileán, is féidir
leat an sioncronú fuaime go físe a choigeartú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh 
 Eochairfhocail agus déan
cuardach do 
Sionc Fuaim go Fís.
4.2
EasyLink HDMI CEC
EasyLink
Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na teilifíse le
EasyLink. Úsáideann EasyLink HDMI CEC (Consumer Electronics
Control) chun cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha.
Ní mór do ghléasanna tacú le HDMI CEC agus a bheith nasctha
le nasc HDMI.
Suiteáil EasyLink
 
 
Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go bhfuil na
socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na gléasanna EasyLink
atá nasctha. Tá an seans ann nach n-oibreoidh EasyLink le
gléasanna ó bhrandaí eile.
HDMI CEC ar bhrandaí eile
 
 
Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC ar bhrandaí
éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet, Aquos Link, Bravia Theatre
13