Philips 65PFS6659/12 User Manual

Page of 103
Chun rátáil aoise tuismitheora a chasadh as, roghnaigh 
Gan aon
aoismar shocrú aoise.
Iarrfaidh an teilifís ort an cód a sholáthar chun an clár a
dhíghlasáil. I gcás roinnt craoltóirí / oibreoirí, ní chuireann an
teilifís glas ach ar chláir a bhfuil rátáil níos airde orthu.
Cód glais leanaí
Is féidir leat an cód glais leanaí a shocrú nó a athrú.
Chun an cód glais a shocrú nó chun an cód reatha a athrú . . .
1 - Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh 
Socruithe satailíte > Glas leanaí > Athraigh cód
agus brúigh 
OK.
3 - Má tá an cód socraithe cheana féin, cuir isteach an cód glais
leanaí atá ann faoi láthair agus ansin cuir isteach an cód nua faoi
dhó. 
Tá an cód nua socraithe.
An bhfuil do chód glais leanaí dearmadtha agat?
 
 
Má tá do chód dearmadtha agat, is féidir leat an cód reatha a
scoitheadh agus ceann nua a chur isteach.
1 - Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh 
Socruithe satailíte > Glas leanaí > Athraigh cód
agus brúigh 
OK.
3 - Cuir isteach an cód sáraitheach 
8888.
4 - Anois cuir isteach cód glais leanaí nua agus cuir isteach arís é
chun é a dhearbhú.
8.5
Suiteáil saitilíte
Satailítí a shuiteáil
Maidir le suiteáil satailítí
Tá glacadóir satailíte DVB-S/DVB-S2 ionsuite ag an teilifís seo.
Nasc an cábla ó do mhias satailíte go díreach leis an teilifís. Úsáid
cábla comhaiseach atá feiliúnach do nascadh méise satailíte.
Cinntigh go bhfuil do mhias satailíte ailínithe go foirfe sula
dtosóidh tú an tsuiteáil.
Suas le 4 satailít
 
 
Is féidir leat suas le 4 satailít (4 LNBanna) a shuiteáil ar an teilifís
seo. Roghnaigh díreach an líon satailítí ar mian leat iad a shuiteáil
ag tús na suiteála. Éascóidh sé sin an tsuiteáil.
Unicable
 
 
Is féidir leat córas Unicable a úsáid chun an mhias aeróige a
nascadh leis an teilifís. Roghnaigh má tá tú ag suiteáil satailítí do
chóras Unicable, do 1 nó do 2 shatailít ag tús na suiteála.
MDU - Aonad Ilteaghais
 
 
Tacaíonn glacadóir satailíte na teilifíse seo le MDU ar na satailítí
Astra agus le Digiturk ar shatailít Eutelsat. Ní thacaítear le MDU
ar Türksat.
I mbun suiteála
Is féidir leat do shatailítí a shuiteáil nuair atá an teilifís á suiteáil
den chéad uair. Leanann suiteáil na satailíte suiteáil na gcainéal
teilifíse. Mura mbíonn tú ach ag breathnú ar chainéil satailíte
amháin, ní gá duit bacadh le suiteáil na gcainéal teilifíse.
Is féidir leat suiteáil satailíte nua a thosú i gcónaí ón roghchlár
Suiteáil.
Chun cainéil satailíte a shuiteáil . . .
1 - Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh 
Déan cuardach do shatailít agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh 
Suiteáil satailítí agus brúighOK.
4 - Taispeánann an teilifís an socrú suiteála reatha. Má
fhreagraíonn an socrú reatha leis an tsuiteáil satailíte atá uait, is
féidir leat cuardach do shatailítí a thosú. Roghnaigh 
Cuardaigh
agus brúigh 
OK. Gabh ar aghaidh go céim 5. Murab é an socrú
reatha an socrú atá uait, roghnaigh 
Socruithe agus brúigh OK.
Gabh ar aghaidh go céim 4b.
4b - Sa roghchlár Socruithe, roghnaigh an líon díreach satailítí a
bhfuil uait iad a shuiteáil. Nó roghnaigh 
Unicable do 1 satailít nó 
Unicable do 2 shatailít má tá suiteáil Unicable in úsáid agat, ag
brath ar an líon satailítí a bhfuil uait iad a shuiteáil do Unicable.
Roghnaigh an socrú atá uait agus brúigh 
OK.
4c - Má tá líon díreach na satailítí socraithe nó má tá na
socruithe Unicable críochnaithe agat, roghnaigh 
Déan cuardach
agus brúigh 
OK.
5 - Déanfaidh an teilifís cuardach do na satailítí atá ar fáil nuair a
bheidh do mhias aeróige ailínithe. D'fhéadfadh sé sin roinnt
nóiméad a thógáil. Má aimsítear satailít, taispeánfar a hainm agus
a threise glactha ar an scáileán.
6 -  Má tá pacáiste cainéal ar fáil d'aon cheann de na satailítí a
aimsíodh, is féidir leat an pacáiste atá uait a roghnú.
7 -  Chun cainéil na satailítí atá aimsithe a shuiteáil, roghnaigh 
Suiteáil agus brúigh OK. Taispeánfaidh an teilifís an líon cainéal
agus stáisiún raidió a aimsíodh.
8 - Chun na socruithe satailíte, gach cainéal satailíte agus stáisiún
raidió satailíte, roghnaigh 
Críochnaigh agus brúigh OK.
Pacáistí cainéal
Maidir le pacáistí cainéal
Is féidir le satailítí pacáistí cainéal a thairiscint a chuachann cainéil
shaora agus a thairgeann sórtáil a fheileann do thír. Tairgeann
roinnt satailítí pacáistí suibscríbhinne - cnuasach cainéal a n-
íocann tú astu.
Má roghnaíonn tú pacáiste suibscríbhinne, d'fhéadfadh an teilifís
iarraidh ort rogha a dhéanamh idir Suiteáil Tapaidh nó Suiteáil
Iomlán.
Roghnaigh 
Cainéil oibreoirí satailíte amháin chun cainéil an
38