Philips 65PFS6659/12 User Manual

Page of 103
11
Foinsí
11.1
Liosta foinsí
Sa liosta nascanna - an roghchlár Foinse - is féidir leat na
gléasanna atá nasctha leis an teilifís a aimsiú. Is féidir leat athrú go
gléas ón roghchlár Foinse seo.
An roghchlár Foinsí
 
 
Chun an roghchlár Foinsí a oscailt, brúigh 
 SOURCES.
Chun athrú go dtí gléas nasctha, roghnaigh an gléas leis na
saigheada 
 (clé) nó  (deas) agus brúigh OK.
I gcás roinnt gléasanna (gléasanna HDMI-CEC), is féidir leat
gníomhaíocht a roghnú go díreach sa liosta atá faoi dheilbhín an
ghléis.
Roghnaigh an gléas agus roghnaigh an ghníomhaíocht agus brúigh
OK.
Chun an roghchlár Foinse a dhúnadh gan athrú go dtí gléas,
brúigh 
 SOURCES arís.
Brath uathoibríoch
 
 
Nuair a nascann tú gléas nua leis an teilifís, braitear an gléas go
huathoibríoch agus cuirtear sa roghchlár Foinse é. Taispeántar an
gléas mar dheilbhín (an cineál gléis) agus tá ainm aige. Mura
bhfreagraíonn an cineál gléis leis an ngléas, e.g. deir an teilifís gur
seinnteoir é ach ní hea, is féidir leat an cineál a athrú.
Chun cineál an ghléis a athrú, brúigh 
 Athraigh cineál  agus
roghnaigh cineál a oireann don ghléas agus brúigh 
OK.
Mura n-oireann an t-ainm don ghléas nó má tá uait d'ainm féin a
thabhairt ar an ngléas, brúigh 
 Athainmnigh. Úsáid
eochaircheap an chianrialtáin chun ainm nua a chur isteach.
Cabhraíonn cineál gléis cuí leat chun an gléas a úsáid. Cinneann
an cineál gléis stíl an phictiúir agus na fuaime, luachanna gléine,
socruithe sainiúla nó an suíomh laistigh den roghchlár Foinsí.
Nuair a nascann tú gléas nua leis an teilifís, beidh deilbhín an
ghléis ar thosach an roghchláir Foinsí.
Mura mbraithfidh an teilifís an gléas go huathoibríoch, roghnaigh
an nasc a d'úsáid tú chun an gléas a nascadh agus athraigh cineál
agus ainm an Ghléis.
Ainm agus deilbhín bunaidh
 
 
Chun an deilbhín gléis a athrú ar ais go dtí an t-ainm agus an
cineál gléis a bhí aige ag an tús, brúigh 
 OPTIONS. Roghnaigh
Ainm agus deilbhín bunaidh agus brúigh OK.
Naisc a scanadh
 
 
Chun gach nasc teililfíse a athscanadh agus chun an roghchlár
Foinsí a nuashonrú, brúigh 
 OPTIONS. Roghnaigh  Scan
naisc agus brúigh OK. 
11.2
Ó fhuireachas
Nuair atá an teilifís ar fuireachas, is féidir leat gléas nasctha a
chasadh air le cianrialtán do theilifíse.
Seinn
 
 
Chun an seinnteoir diosca agus an teilifís araon a chasadh air ó
fhuireachas agus tosú ag seinnt an diosca nó an chláir láithreach,
brúigh 
 (seinn) ar chianrialtán na teilifíse.
Ba cheart go mbeadh an gléas nasctha le cábla HDMI agus ba
cheart go mbeadh HDMI CEC casta air ar an teilifís agus ar an
ngléas araon.
Córas Amharclainne Baile
 
 
Is féidir leat do Chóras Amharclainne Baile a chasadh air chun
éisteacht le diosca fuaime nó le cainéal raidió agus an teilifís a
fhágáil ar fuireachas.
Chun an Córas Amharclainne Baile a chasadh air leis féin agus an
teilifís a fhágáil ar fuireachas, brúigh 
 SOURCES ar chianrialtán
na teilifíse.
11.3
EasyLink
Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na teilifíse le 
EasyLink. Úsáideann EasyLink HDMI CEC chun cumarsáid a
dhéanamh leis na gléasanna nasctha. Ní mór do ghléasanna tacú
le HDMI CEC agus a bheith nasctha le nasc HDMI.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh 
 Eochairfhocail agus déan
cuardach do 
EasyLink.
45