Philips 65PFS6659/12 User Manual

Page of 103
 Rabhadh
 
• Ná slog an ceallra, baineann baol dó cheimicigh leis.
• Tá ceallra cnapchille sa táirge seo. Má shlogtar an ceallra
cnapchille, is féidir leis duine a dhó go dona go hinmheánach
taobh istigh de dhá uair a' chloig agus tá sé in ann a bheith
marfach.
• Ná coinnigh ceallraí nua agus caite in áit ar bith ar féidir le
leanaí iad a fháil.
• Mura ndúnann raca na gceallraí go daingean, éirigh as úsáid an
táirge agus coinnigh amach ó leanaí é.
• Má cheapann tú gur slogadh ceallraí nó gur cuireadh isteach in
aon chuid den cholainn iad, iarr cóir leighis láithreach.
• Tá baol pléasctha ann má athsholáthraítear an ceallra ar
bhealach mícheart. Ná hathsholáthar an ceallra ach amháin leis
an gcineál céanna ceallra nó a choibhéis.
13.3
Cúram a thabhairt do na spéaclaí
3D
• Ná húsáid ceimiceáin ghlanta a bhfuil alcól, tuaslagóir nó
dromchlaghníomhaí iontu, nó céir, beinséin, tanaitheoir, éarthach
muiscíte nó bealadh. Tá dídhathú nó scoilteanna in ann tarlú má
úsáidtear na ceimiceáin sin.
• Ná nochtna spéaclaí 3D do sholas díreach na gréine, ná do
theas, tine ná uisce, mar go bhfuil an baol ann nach
bhfeidhmeodh an táirge i gceart, nó go mbeidh tine ann.
• Ná lig do na spéaclaí 3D titim ar an urlár, ná lúb iad agus ná
cuir brú ar lionsaí na spéaclaí 3D.
• Úsáid ceirt ghlan bhog (micrisnáithín nó flainín cadáis) chun na
lionsaí a ghlanadh ionas nach scrabhfar iad. Ná spraeáil ábhar
glanta díreach ar na spéaclaí 3D go deo. D'fhéadfadh sé dochar a
dhéanamh do na leictreonaic (i gcás spéaclaí 3D Gníomhach).
13.4
Ag féachaint ar 3D
Chun an taithí is fearr ón éifeacht 3D a fháil agus tú ag féachaint
ar chláir 3D:
• Bíodh achar atá ar a laghad trí oiread leithead an scáileáin
teilifíse idir tú féin agus an scáileán.
• Ná suigh níos mó ná 6m uaidh.
Ag athrú go 3D
 
 
Is féidir leat do rogha a dhéanamh faoin gcaoi 3D a thosú sa
todhchaí an chéad uair a bhraitear comhartha 3D.
• Chun athrú go 3D go huathoibríoch, roghnaigh 
Uathoibríoch.
• Chun fógra a thaispeáin ar dtús, roghnaigh 
Fógra amháin.
• Chun nach n-athrófar go 3D go deo, roghnaigh 
Go Deo. 
Is féidir leat an rogha seo a athrú i gcónaí in  
 > Suiteáil > 
Socruithe teilifíse > 3D > Athraigh go 3D.
Tosaigh 3D
 
 
Nuair a athraíonn an teilifís go 3D nó nuair atá fógra ar taispeáint
go bhfuil 3D ar fáil, cuir ort do spéaclaí 3D.
Mura bhfuil an teilifís in ann an comhartha 3D a bhraith (tá clib
an chomhartha 3D ar iarraidh), taispeánfar an clár 3D mar íomhá
dhúbáilte ar an scáileán. Chun athrú go 3D, athraigh na socruithe
3D agus roghnaigh 
Taobh le Taobhnó Barr/Bun ag brath ar
shuíomh na híomhá dúbáilte.
1 - Brúigh 
.
2 - Roghnaigh 
Socruithe 3D  > 3D - Taobh le Taobh nó 3D -
Barr/Bun, ansin brúigh OK. 
3D a stopadh
 
 
Chun éirí as féachaint ar 3D, brúigh 
, roghnaigh Doimhneacht
3D agus roghnaigh 2D.
Athraítear 3D go 2D nuair a athraíonn tú go cainéal eile nó go
gléas nasctha.
Tiontú 2D go 3D
 
 
Is féidir leat aon chlár 2D a thiontú chun féachaint air in 3D.
1 - Brúigh 
.
2 - Roghnaigh 
Socruithe 3D > Tiontú 2D go 3D .
Chun an doimhneacht 3D a choigeartú
 
1 - Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil, ansin brúigh OK.
2 - Roghnaigh 
 Socruithe teilifíse > 3D  > Éifeacht 3D .
3 - Roghnaigh 
As, nó Air.
4 - Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Tiontú 2D go 3D a chasadh as
 
1 - Brúigh 
.
2 - Roghnaigh 
Socruithe 3D > 2D,ansin brúigh OK. 
13.5
Féachaint 3D is fearr
Chun an t-eispéireas 3D féachana is fearr a fháil, molaimid duit
na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• suí ar a laghad achar ón teilifís atá 3 oiread airde scáileán na
teilifíse, ach gan suí níos faide ná 6 méadar uaidh.
• soilsiú fluaraiseach (cosúil le soilsiú TL nó bolgáin solais áirithe
atá tíosach ar fhuinneamh agus a oibríonn ar mhinicíocht íseal)
agus solas díreach na gréine a sheachaint, mar go bhféadfaidís cur
isteach ar an eispéireas 3D. 
48