Philips 65PFS6659/12 User Manual

Page of 103
16
Cuir teilifís ar sos
Is féidir leat craoladh teilifíse a chur ar sos agus tosú ag breathnú
air arís ina dhiaidh sin. Ní féidir ach cainéil dhigiteacha teilifíse a
chur ar sos. Ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh chun an
craoladh a mhaolánú. Is féidir leat an craoladh a chur ar sos ar
feadh 90 nóiméad ar a mhéid.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh 
 Eochairfhocail agus déan
cuardach do 
Diosca Crua USB.
Craoladh a chur ar sos nó a atosú
 
 
Chun craoladh a chur ar sos, brúigh 
 (Cuir ar sos). Beidh barra
dul chun cinn le feiceáil ar an scáileán ar feadh roinnt soicind.
Chun an barra dul chun cinn a thaispeáint ar an scáileán arís,
brúigh 
 (Cuir ar sos) arís.
Brúigh 
 (Seinn) chun tosú ag breathnú arís. Tugann an deilbhín
ar an scáileán le fios go bhfuil tú ag breathnú ar chraoladh atá
curtha ar sos.
Ar ais ag an gcraoladh teilifíse féin
Brúigh 
 (Stop) chun filleadh ar an gcraoladh teilifíse féin.
Chomh luath is a a athraíonn tú go cainéal digiteach, tosaíonn an
Diosca Crua USB ag maolánú an chraolta. Nuair a athraíonn tú
go cainéal digiteach eile, déantar maolánú ar chraoladh an
chainéil nua agus glantar craoladh an tseanchainéil. Nuair a
athraíonn tú go gléas nasctha (seinnteoir Diosca Blu-ray nó
glacadóir digiteach), cuireann an Diosca Crua USB deireadh leis
an stóráil agus glantar an craoladh. Chomh maith leis sin, nuair a
athraíonn tú an teilifís go fuireachas, glantar an craoladh atá
stóráilte.
Nuair atá clár á thaifeadadh ar Dhiosca Crua USB, ní féidir leat
craoladh a chur ar sos.
Athsheinm ar an toirt
 
 
Nuair atá tú ag féachaint ar chraoladh ó chainéal teilifíse digití, is
féidir leat an craoladh a athsheinnt ar an toirt go héasca.
Chun an 10 soicind deireanacha de chraoladh a athsheinnt,
brúigh 
 (Cuir ar sos) agus brúigh  (Clé).
Is féidir leat 
 a bhrú arís agus arís eile go dtí go sroichfidh tú tús
an mhaoláin chraolta nó an t-uas-achar ama.
Barra dul chun cinn
 
 
Nuair atá an barra dul chun cinn le feiceáil ar an scáileán, brúigh 
 (Atochrais) nó brúigh  (Ar Aghaidh) chun an áit a bhfuil tú
ag iarraidh tosú ag féachaint ar an gcraoladh atá curtha ar sos a
roghnú. Brúigh na heochracha seo arís agus arís eile chun a luas a
athrú.
Sonraí
 
• Níl an fhuaim (tráchtaireacht) Cur Síos Fuaime dóibh siúd a
bhfuil lagú amhairc orthu ar fáil le haghaidh a hathsheinnte in
Cuir Teilifís ar sos nó Taifeadadh.
• Is féidir leat fotheidil dhigiteacha (DVB) cainéil a mhaolánú. Ní
féidir leat fotheidil a thagann ó sheirbhísí Téacs a mhaolánú.
Chun seiceáil an bhfuil fáil ar fhotheidil dhigiteacha (DVB), tiúináil
go dtí an cainéal teilifíse agus brúigh 
OPTIONS, roghnaigh 
Teanga fotheideal chun liosta na bhfotheideal a oscailt. Ní féidir
ach teanga fotheideal a bhfuil an deilbhín 
DVB roimhe a
mhaolánú.
54