Philips 65PFS6659/12 User Manual

Page of 103
19
Smart TV
19.1
Maidir le Smart TV
Nasc an 
Philips Smart LED TV leis an Idirlíon agus bain triail as
taithí nua teilifíse. Is féidir leat nasc sreinge a dhéanamh le do
ródaire nó is féidir leat nascadh gan aon sreang le Wi-Fi.
Nuair atá an teilifís nasctha le do líonra baile, is féidir le fón cliste
grianghraf a thaispeáint ar an teilifís, is féidir leat físeáin atá
stóráilte ar do ríomhaire a sheinnt nó an teilifís a rialú le do
tháibléad.
Nuair atá do theilifís nasctha leis an Idirlíon, is féidir leat féachaint
ar fhíseán ar cíos ó shiopa físeán ar líne, an t-eolaire teilifíse ar
líne a léamh nó an clár teilifíse is ansa leat a thaifeadadh ar
Dhiosca Crua USB. Bainfidh tú níos mó taitnimh as feidhmchláir
Smart TV mar go bhfuil gach cineál seirbhís siamsaíochta agus
chaoithiúil iontu.
19.2
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Chun leas a bhaint as 
feidhmchláir Smart TV, ní mór duit an
teilifís a nascadh le ródaire a bhfuil nasc ardluais (leathanbhanda)
aige leis an Idirlíon. Is féidir leat líonra baile atá nasctha leis an
Idirlíon a úsáid. Ní theastaíonn ríomhaire uait.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh 
 Eochairfhocail agus déan
cuardach do 
Líonra.
Leid
 
 
Chun téacs a chur isteach nó chun leathanach Idirlín a
nascleanúint níos éasca, is féidir leat breithniú a dhéanamh ar
mhéarchlár USB agus luch USB a nascadh leis an teilifís.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh 
 Eochairfhocail agus déan
cuardach do 
mhéarchlár USB  nó luch USB.
19.3
Smart TV a shuiteáil
Ní mór duit do nasc a chumrú an chéad uair a osclaíonn tú
Smart TV. Léigh agus glac leis na téarmaí agus coinníollacha chun
leanúint ar aghaidh. Mura bhfuil uait Smart TV a shuiteáil, brúigh 
.
Cláraigh
 
 
Chun clárú le Club Philips . . .
1 - Roghnaigh 
Cláraigh agus brúigh OK.
2 - Cuir isteach do sheoladh ríomhphost, roghnaigh 
Lean ar
aghaidh agus brúigh OK.
3 - Dearbhaigh an seoladh ríomhphost.
Rialachán tuismitheoirí
 
 
Chun feidhmchláir a bhfuil rátáil 18+ do Dhaoine Fásta acu a
ghlasáil . . .
1 - Cas air rialú tuismitheora an Smart TV trí 
Chumasaigh a
roghnú agus ansin brúigh 
OK.
2 - Cuir isteach do rogha cóid UAP chun díghlasáil.
3 - Dearbhaigh do cód UAP.
Tá feidhmchláir a bhfuil rátáil 18+ do Dhaoine Fásta acu glasáilte
anois. Chun feidhmchlár glasáilte a oscailt, roghnaigh an
feidhmchlár agus brúigh
OK. Iarrfaidh an teilifís ort do chód a
bhfuil 4 digit ann a chur isteach.
19.4
Feidhmchláir Smart TV
Oscail Smart TV
Is é leathanach tosaigh Smart TV a nascann leis an Idirlíon tú. Is
féidir leat scannáin a thógáil amach ar cíos ar líne, nuachtáin a
léamh, féachaint ar fhíseáin agus éisteacht le ceol, leathanach do
líonra sóisialta a oscailt (Facebook, Twitter, . . .) nó féachaint ar
chláir teilifíse nuair a fheileann sé duit le Teilifís Ar Líne.
Osclaíonn tú Feidhmchláir chun é seo a dhéanamh - suíomhanna
Idirlín atá curtha in oiriúint don teilifís. Nuair atá do theilfís
nasctha leis an Idirlíon, is féidir leat Smart TV a oscailt.
Oscail Smart TV
 
 
Chun leathanach tosaigh Smart TV a oscailt, brúigh 
Smart TV.
Mar rogha air sin, is féidir leat 
 a bhrú, Smart TV a roghnú agus
OK a bhrú.
Nascann an teilfís leis an Idirlíon agus osclaíonn sé leathanach
tosaigh Smart TV. D'fhéadfadh sé seo roinnt soicind a thógáil.
Oscail Smart TV
 
 
Chun an leathanach tosaigh Smart TV a dhúnadh, brúigh 
 agus
roghnaigh gníomhaíocht eile.
Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht maidir le
hábhar nó caighdeán an ábhair atá curtha ar fáil ag na soláthróirí
seirbhíse ábhar.
Leathanach tosaigh Smart TV
1 - Ar do theilifís anois
2 - Do chuid Feidhmchlár
3 - App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)
4 - Idirlíon
5 - Feidhmchláir mholta
6 - Cuardaigh
7 - Eochracha dathanna le haghaidh rialaithe
Do chuid Feidhmchlár
 
 
65