Philips 65PFS6659/12 User Manual

Page of 103
2
Suiteáil
2.1
Léigh sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n-úsáideann tú
an teilifís.
In Cabhair, téigh go 
Sábháilteacht agus cúram > Sábháilteacht.
2.2
Seastán teilifíse agus gléasadh balla
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a ghléasadh a
fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Is féidir leat
an treoir seo a íoslódáil ó 
 sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a
dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Gléasadh balla
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá
oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).
Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an gléasadh
balla á cheannach agat . . .
Úsáid scriúnna a bhfuil fad acu atá léirithe sa léaráid chun an brac
a ghléasadh go daingean.
• Don teilifís den tsraith 6659 65-orlach
VESA MIS-F 400x400,M6
• Don tsraith 6609 55-orlach
VESA MIS-F 400x400,M6
• Don teilifís den tsraith 6609 40-orlach/48-orlach
VESA MIS-F 400x400,M6
• Don teilifís den tsraith 6549/6559/6569/6589 55-orlach
VESA MIS-F 400x400,M6
• Don teilifís den tsraith
6509/6549/6559/6569/6589 32-orlach/42-orlach/47-orlach
VESA MIS-F 400x400,M6
• Don teilifís den tsraith 6409 55-orlach
VESA MIS-F 400x400,M6
• Don teilifís den tsraith 6409 40-orlach/48-orlach
VESA MIS-F 400x400,M6
Rabhadh
 
 
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an
mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe
tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na
teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na
teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh
tú an teilifís.
Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht as
gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú
mar thoradh air.
2.3
Leideanna maidir le láithriú
• Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go díreach ar an
scáileán.
• Ísligh an solas sa seomra chun na dálaí is fearr a fháil don
éifeacht Ambilight.
• Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.
• Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh
ná trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí,
ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an
scáileáin. 
2.4
Cábla cumhachta
• Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir 
POWER ar chúl na
teilifíse.
• Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go
daingean sa nascóir.
• Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga
cumhachta sa soicéad balla.
• Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta, tarraing an pluga i
gcónaí, ná tarraing an cábla go deo. 
7