Philips 65PFS6659/12 Manual De Usuario

Descargar
Página de 103
Ní dhéanfaidh an teilifís nuashonrú ar an gcainéil ón satailít atá
dímharcáilte agat.
Tosaigh nuashonrú tú féin
 
1 - Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh 
Déan cuardach do shatailít agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh 
Nuashonraigh cainéil agus brúighOK.
4 - Má tá uait seiceáil a dhéanamh cé acu de na satailítí atá
socraithe le haghaidh a nuashonraithe, roghnaigh 
Socruithe agus
brúigh 
OK.
5 - Úsáid na heochracha saighde chun na satailítí atá le
nuashonrú a mharcáil nó a dhímharcáil. Roghnaigh 
Déanta agus
brúigh 
OK.
6 - Roghnaigh 
Nuashonraigh agus brúigh OK. D'fhéadfadh an
nuashonrú roinnt nóiméad a thógáil.
7 - Roghnaigh 
Críochnaigh agus brúigh OK.
Teangacha agus fuaim
Teangacha agus fotheidil roghnaithe
Is féidir le cainéil satailíte teangacha fuaime, teangacha fotheideil
nó teangacha Téacs éagsúla a stóráil. Is féidir leat an teilifís a
shocrú chun go n-athróidh sé go huathoibríoch go dtí an teanga,
teanga fotheidil nó teanga Téacs is fearr leat, má tá an teanga sin
ar fáil ar an gcainéal nó ar leathanaigh Téacs.
Chun an teanga is fearr leat a shocrú . . .
1 - Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh 
Socruithe satailíte agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh 
Teangacha agus brúigh OK. Roghnaigh an socrú
atá uait.
4 - Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Fuaim dóibh siúd a bhfuil lagú éisteachta orthu
Craolann roinnt cainéal teilifíse digiteach fuaim agus fotheidil
speisialta atá curtha in oiriúint dóibh siúd a bhfuil lagú éisteachta
orthu.
Nuair atá Lagú éisteachta casta air, athraíonn an teilifís go
huathoibríoch go dtí an fhuaim agus na fotheidil atá curtha in
oiriúint, más ann dóibh. Sular féidir leat Lagú éisteachta a
chasadh air, ní mór duit 
Rochtain uilíoch a chasadh air.
Cas air
 
 
Chun Lagú éisteachta a chasadh air, brúigh 
 OPTIONS,
roghnaigh 
Rochtain uilíoch agus brúighOK. Roghnaigh Lagú
éisteachta , roghnaigh Air agus brúigh OK.
Chun seiceáil an bhfuil teanga fuaime dóibh siúd a bhfuil lagú
éisteachta orthu ar fáil, brúigh 
 OPTIONS, roghnaigh Teanga
fuaime agus déan cuardach do theanga fuaime atá marcáilte le 
.
Mura bhfuil Rochtain uilíoch sa roghchlár Options, cas air 
Rochtain uilíoch in Suiteáil.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh 
 
Eochairfhocail agus déan
cuardach do 
Rochtain uilíoch.
Cur síos fuaime
Cas air
Is féidir le cainéil teilifíse digití tráchtaireacht fuaime speisialta a
chraoladh a dhéanann cur síos air sin atá ag tarlú ar an scáileán.
Ní mór duit Cur síos fuaime a chasadh air ar dtús sula mbeidh tú
in ann an fhuaim agus na héifeachtaí Cur síos fuaime a shocrú.
Anuas air sin, sula bhféadfá Cur síos fuaime a chasadh air, ní mór
duit 
Rochtain uilíoch a chasadh air.
Cur síos fuaime
 
 
Cuirtear tráchtaireacht tráchtaire leis an ngnáthfuaim nuair atá
Cur síos fuaime casta air.
Chun an tráchtaireacht a chasadh air (má tá sé ar fáil) . . .
1 - Nuair atá Rochtain uilíoch casta air, brúigh 
 OPTIONS
agus roghnaigh an táb 
Options sa bharra roghchláir.
2 - Roghnaigh Cur síos fuaime agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Air agus brúigh OK.
Is féidir leat seiceáil an bhfuil tráchtaireacht fuaime ar fáil.
Sa roghchlár 
Roghanna, Teanga fuaime agus déan cuardach do
theanga fuaime atá marcáilte le 
.
Callairí  / Cluasáin
Is féidir leat an bealach a n-éisteoidh tú leis an tráchtaireacht
fuaime a roghnú, ar challairí na teilifíse amháin, ar na cluasáin
amháin nó ar an dá rud.
Chun na Callairí/Cluasáin a shocrú. . .
1 - Brúigh 
, roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe satailíte > Teangacha > Cur síos
fuaime > Callairí/Cluasáin agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Callairí, Cluasáin nó Callairí + Cluasáin agus
brúigh 
OK.
4 - Brúigh 
, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Fuaim mheasctha
Is féidir leat airde fuaime na gnáthfuaime a mheascadh leis an
tráchtaireacht fuaime.
Chun an airde fuaime a mheascadh . . .
1 - Brúigh 
 OPTIONS agus roghnaigh an táb Roghanna sa
bharra roghchláir.
2 - Roghnaigh Rochtain uilíoch > Airde fuaime mheasctha agus
brúigh 
OK.
3 - Úsáid na saigheada suas agus síos chun an barra sleamhnáin a
shocrú.
4 - Brúigh OK chun dearbhú.
41