Philips 55PUT4900/12 Manuel D’Utilisation

Page de 67
Y Pb Pr - Fuaim Clé Deas
Nasc an consól cluiche le cábla físchomhartha
comhpháirteanna (Y Pb Pr) agus le cábla fuaim
Deas/Clé leis an teilifís.
CVBS - Fuaim Clé Deas
Nasc an consól cluiche leis an teilifís le cábla
ilchodach (CVBS) agus le cábla fuaime Deas/Clé leis
an teilifís.
An Socrú is Fearr
Sula dtosóidh tú ag imirt cluiche ó chonsól cluiche
nasctha, molaimid duit an teilifís a shocrú go dtí an
socrú is fearr Cluiche.
Chun an teilifís a shocrú go dtí an socrú is fearr a
fheileann…
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Pictiúr >
Ardsocruithe >  Stíl gníomhaíochta.
3. Roghnaigh  Cluiche,  Ríomhaire nó   Teilifís.
Filleann an socrú  Teilifís chuig na socruithe pictiúir
chun féachaint ar an teilifís.
4. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
3.9
Diosca Crua USB
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh
teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don
chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach
(craoladh DVB nó a mhacasamhail).
Craoladh a chur ar sos
 
 
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a
laghad 32GB spás air.
Craoladh a thaifeadadh
 
 
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn ar a laghad 250GB spáis ar dhiosca.
Eolaire teilifíse
 
 
Sula ndéanfaidh tú an cinneadh Diosca Crua USB a
cheannach chun taifeadtaí a dhéanamh, seiceáil an
féidir cainéil teilifíse digití a thaifeadadh i do thír.
Brúigh
 TV GUIDE  ar an gcianrialtán. Má tá cnaipe
chun Taifeadadh ar leathanach an Eolaire Teilifíse, is
féidir leat taifeadadh.
 
Suiteáil
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú.
1. Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc USB
ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB
eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2. Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3. Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití,
brúigh 
 (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a
chur ar sos, tosóidh an formáidiú.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
Rabhadh:
 
 
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
12