Philips 55PUT4900/12 Manuel D’Utilisation

Page de 67
6
Cainéil teilifíse
6.1
Liostaí Cainéal
Maidir le liostaí cainéal
Taispeánfar gach cainéal sa liosta cainéal i ndiaidh
suiteáil cainéal. Taispeántar cainéil lena n-ainm agus
a lógó má tá an fhaisnéis sin ar fáil.
Tá liosta cainéal a bhfuil gach cainéal atá suiteáilte
air. Ní féidir leat ach an liosta sin a scagadh chun
díreach cainéil teilifíse nó raidió a thaispeáint.
Agus liosta cainéal roghnaithe, brúigh na
saigheada 
 (suas) nó   (síos) chun cainéal a
roghnú, ansin brúigh OK chun féachaint ar an
gcainéal atá roghnaithe. Ní thiúnálann tú ach go dtí na
cainéil atá sa liosta sin nuair atá na heochracha
 
   nó      á n-úsáid agat.
Deilbhíní cainéal
 
 
Marcáltar cainéil nua le 
 (réiltín) i ndiaidh Uasdátú
Cainéil Uathoibríoch ar an liosta cainéal.
Má ghlasálann tú cainéal, marcálfar le 
 (glas) é.
Marcáltar na 3 cainéal is mó a bhfuil tóir orthu faoi
láthair le  1,  2 nó  3.
Stáisiúin Raidió
 
 
Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin
raidió dhigiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal
raidió díreach ar an gcaoi chéanna is a athraíonn tú
go cainéal teilifíse. Is iondúil go lonaíonn suiteáil
cainéal Cábla (DVB-C) stáisiúin raidió ó uimhir cainéil
1001 ar aghaidh.
Liosta cainéal a oscailt
Chun an liosta cainéal reatha a oscailt…
1. Brúigh 
, chun athrú go dtí an teilifís.
2. Brúigh 
 LIST  chun an liosta cainéal reatha a
oscailt.
3. Brúigh 
 LIST  arís chun an liosta cainéal a
dhúnadh.
Liosta cainéal a scagadh
Is féidir leat liosta leis na cainéil ar fad a scagadh. Is
féidir leat an liosta cainéal a shocrú chun díreach na
cainéil teilifíse nó na stáisiúin Raidió a thaispeáint.
Chun scagaire a shocrú ar liosta a bhfuil gach cainéal
air…
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh 
 LIST chun an liosta cainéal a oscailt.
2. Brúigh 
 OPTIONS  chun an roghchlár Roghanna
oscailt.
3. Roghnaigh  Liosta, ansin is féidir leat Gach Ceann, 
Ceanáin, Raidió, agus Cainéil Nua a roghnú.
6.2
Ag féachaint ar chainéil
teilifíse
Féachaint ar chainéil
Tiúnáil go dtí cainéal
Chun féachaint ar chainéil teilifíse, press 
. Tiúinfidh
an teilfís go dtí an cainéal teilifíse ar fhéach tú go
deireanach air.
Cainéil a athrú
 
 
- Chun cainéil a athrú, brúigh 
   nó     .
- Má tá uimhir an chainéil ar eolas agat, clóscríobh an
uimhir leis na heochracha uimhreach. Brúigh OK tar
éis an uimhir a chur isteach chun athrú láithreach.
Cainéil roimhe sin
 
 
- Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte
cheana féin, brúigh 
.
Liosta Cainéal
 
 
Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh 
 LIST  chun na liostaí cainéal a oscailt.
D'fhéadfadh roinnt leathanach le cainéil a
bheith ar an liosta cainéal. Chun féachaint ar an
gcéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin,
brúigh 
 +  nó    .
Chun na liostaí cainéal a dhúnadh gan an cainéal a
athrú, brúigh 
 LIST  arís.
Cainéil raidió
 
 
Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin
raidió dhigiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal
raidió díreach ar an gcaoi chéanna is a athraíonn tú
go cainéal teilifíse.
Cainéal a ghlasáil
Chun cainéal a ghlasáil agus a dhíghlasáil
Chun cosc a chur ar leanaí ó bheith ag féachaint ar
chainéal nó ar chlár, is féidir leat cainéil a ghlasáil nó
cláir a bhfuil rátáil aoise orthu a ghlasáil.
Is féidir leat cainéal a ghlasáil chun nach mbeidh
leanaí in ann féachaint air. Chun féachaint ar chainéal
atá glasáilte, ní mór duit an Cód Glais Leanaí a chur
19