Philips 55PUT4900/12 Manuel D’Utilisation

Page de 67
4. Úsáid na heochracha saighde chun an tsatailít a
bhfuil uait í a bhaint as a roghnú.
5. Brúigh OK chun satailít atá le baint as a mharcáil.
Brúigh OK arís chun an é a dhímharcáil.
6. Roghnaigh  Bain as, brúigh OK agus dearbhaigh.
Baintear as na satailítí.
7. Roghnaigh  Amach agus brúigh OK chun Bain
satailít as a dhúnadh.
Suiteáil de Láimh
Is do shainúsáideoirí atá Suiteáil de Láimh dírithe.
Is féidir leat Suiteáil de Láimh a úsáid chun cainéil nua
a chur leis an liosta go tapaidh ó thrasfhreagróir
satailíte. Ní mór minicíocht agus polarú an
trasfhreagróra a bheith ar eolas agat. Suiteálfaidh an
teilifís gach cainéal ón trasfhreagróir sin. Más rud é gur
suiteáladh an trasfhreagróir cheana, bogfar gach
ceann dá chainéil - na cinn a bhí ann cheana féin
agus na cinn nua - go dtí deireadh an liosta cainéal
Gach Cainéal.
Ní féidir leat Suiteáil de Láimh a úsáid má chaitheann
tú líon na satailítí a athrú. Má tá gá leis seo, ní mór duit
suiteáil iomlán a dhéanamh le Suiteáil Satailítí.
Chun trasfhreagróir a shuiteáil…
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe satailíte agus brúigh OK.
3. Roghnaigh Suiteáil cainéal > Suiteáil de láimh agus
brúigh OK.
4. Má tá níos mó ná 1 satailít suiteáilte agat,
roghnaigh an LNB a bhfuil uait cainéil a chur leis.
5. Socraigh an  Polarú atá ag teastáil uait. Má
shocraíonn tú an Mód Ráta Siombaile do De Láimh, is
féidir leat an Ráta siombaile a chur isteach de láimh.
6. Brúigh na saigheada 
 (suas) or   (síos) chun
an mhinicíocht a athrú, agus roghnaigh Déanta.
7. Roghnaigh  Cuardaigh agus brúigh OK. Taispeánfar
neart an chomhartha ar an scáileán.
8. Má tá uait cainéil trasfhreagróra nua a stóráil,
roghnaigh  Stóráil agus brúigh  OK.
Teangacha agus fuaim
Na teangacha agus fotheidil is fearr leat
Tá cainéil satailíte in ann teangacha fuaime,
teangacha fotheideal nó teangacha Téacs éagsúla a
stóráil. Is féidir leat an teilifís a shocrú chun athrú go
huathoibríoch go dtí an teanga, an teanga fotheideal
nó an teanga Téacs is fearr leat, má tá an teanga sin
ar fáil ar na leathanaigh cainéil nó Téacs.
Chun an teanga is fearr leat a shocrú. . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe satailíte agus brúigh OK.
3. Roghnaigh Teangacha agus brúigh  OK.
Roghnaigh an socrú atá uait.
4. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Cur síos fuaime
Callairí / Cluasáin
Is féidir leat an áit a bhfuil tú ag iarraidh an
tráchtaireacht fuaime a chloisteáil a roghnú. Ar
challairí na teilifíse amháin, ar na cluasáin nó ar an dá
rud.
Chun na Callairí/Cluasáin a shocrú. . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh  Socruithe satailíte > Teangacha > Cur
síos fuaime > Callairí/Cluasáin agus brúigh OK.
3. Roghnaigh   Callairí,  Cluasáin nó   Callairí +
Cluasáin   agus brúigh OK.
4. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Éifeacht fuaime
Is féidir éifeachtaí breise a bheith ar fáil le roinnt
tráchtaireachta fuaime, cosúil le steiréó nó
fuaimeanna ag dul in éag.
Chun Éifeachtaí fuaime a chasadh air (má tá siad ar
fáil). . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh  Socruithe satailíte >Teangacha > Cur
síos fuaime > Éifeachtaí fuaime agus brúigh OK.
3. Roghnaigh  Air nó As agus brúigh OK.
4. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Caint
I gcás cainte, tá an tráchtaireacht fuaime in ann
fotheidil a stóráil do na focail a labhraítear.
Chun na fotheidil seo a chasadh air (má tá siad ar fáil)
. . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh  Socruithe satailíte > Teangacha > Cur
síos fuaime > Caint agus brúigh OK.
3. Roghnaigh  Tuairisciúil (fuaim) nó Fotheidil agus
brúigh OK.
4. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
33