Philips 65PFS6659/12 Manuel D’Utilisation

Page de 103
Cas as an t-uaineadóir uathoibríoch seo mura n-úsáideann tú ach
cianrialtán an bhosca bhairr amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo,
casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire
gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Chun an t-uaineadóir Casadh as a chasadh as, brúigh 
 agus
roghnaigh 
Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh 
Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Cas as
uaineadóir agus athraigh an barra sleamhnáin go As.
4.6
Córas Amharclainne Baile - HTS
Nasc HTS
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile (HTS) a
nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips Soundbar a nascadh nó
HTS a bhfuil seinnteoir diosca ionsuite aige.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil
aon nasc HDMI ag an ngléas.
HDMI ARC
 
 
Má tá nasc HDMI ARC ag do Chóras Amharclainne Baile, is
féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís a úsáid chun nascadh. Ní
gá an cábla fuaime breise a nascadh nuair atá HDMI ARC ann.
Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.
Tá gach nasc HDMI ar an teilifís in ann an comhartha Cainéal
Fillte Fuaime (ARC) a thairiscint. Ach nuair atá an Córas
Amharclainne Baile nasctha agat, ní féidir leis an teilifís ach an
comhartha ARC a sheoladh chuig an nasc HDMI seo.
Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras Amharclainne
Baile, úsáid cábla fuaime optúil (Toslink) chun fuaim na teilifíse a
sheoladh go dtí an Córas Amharclainne Baile.
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
 
Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is féidir leat
moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais Amharclainne Baile a
bhfuil seinnteoir diosca acu chun an fhuaim a mheaitseáil leis an
fhís. 
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh 
 Eochairfhocail agus déan
cuardach do 
Sionc Fuaim go Fís.
Socraithe d'Fhuaim Amach
Moill ar Fhuaim Amach
Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis an teilifís,
ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís agus an fhuaim ón
HTS sioncronaithe.
Sioncronú uathoibríoch fuaime go físe
 
 
Bíonn an sioncronú fuaime go físe sioncronaithe go
huathoibríoch leis na Córais Amharclainne Baile is nua ó Philips,
agus bíonn sé i gcónaí ceart.
Moill sionc Fuaime
 
 
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans ann go
mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a mhionathrú chun an fhuaim
a shioncronú leis an bhfís. Ardaigh an luach moille ar an gCóras
Amharclainne Baile go dtí go meaitseálann an pictiúr agus an
fhuaim. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a bheith ag teastáil.
Léigh treoir úsáideora an Chórais Amharclainne Baile. Beidh ort
an mhoill ar Fhuaim amach ar an teilifís a chasadh as nuair atá
luach moille socraithe ar an gCóras Amharclainne Baile.
Chun an mhoill ar Fhuaim amach a chasadh as . . .
1 - 
Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh 
Socruithe teilifíse >Fuaim > Ardsocruithe > 
Moill ar Fhuaim Amach.
3 - Roghnaigh 
As agus brúigh OK.
4 - Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Seach-chur Fuaim Amach
Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras Amharclainne Baile,
is féidir leat an teilifís a shocrú chun an fhuaim a shioncronú. Is
féidir leat seach-chur a shocrú a dhéanann cúiteamh don mhéid
ama atá ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim
phictiúr na teilifíse a phróiseáil. Is féidir leat an luach a shocrú i
gcéimeanna 5ms. Is -60ms an socrú is airde. Ba cheart an socrú
Moill ar Fhuaim Amach a chasadh air.
Chun an fhuaim ar an teilifís a shioncronú. . .
1 - Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh 
Socruithe teilifíse >Fuaim > Ardsocruithe > 
Seach-chur Fuaim Amach.
3 - Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur fuaime a
16