Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
nuair a úsáideann tú Cianrialtán na Teilifíse chun an
airde fuaime a athrú ón ngléas, is gnáthiompar é sin.
Ní thaispeántar grianghraif, físeáin agus ceol ó ghléas
USB
 
• Cinntigh go bhfuil an gléas stórála USB socraithe
chun a bheith comhoiriúnach le hAicme Ollstórála,
mar atá curtha síos air i gcáipéisíocht an ghléis stórála.
• Cinntigh go bhfuil an gléas stórála USB
comhoiriúnach leis an teilifís.
• Cinntigh go dtacaíonn an teilifís na formáidí comhaid
fuaime agus pictiúir.
Athsheinnt briste comhad USB
 
• D'fhéadfadh feidhmíocht aistrithe an ghléis stórála
USB srian a chur ar an ráta aistrithe sonraí chuig an
teilifís, a bhfuil athsheinnt briste mar thoradh uirthi.
Wi-Fi, Idirlíon agus Bluetooth
Ní aimsítear an líonra Wi-Fi nó tá sé díchumtha
 
• Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó
gléasanna eile Wi-Fi 802.11b/g/n i do
chomharsanacht in ann cur isteach ar an líonra gan
sreang.
• Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra
rochtain ar nasc gan sreang na teilifíse.
• Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do
theach, bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil.
Ní oibríonn an tIdirlíon
 
• Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil
nasc an ródaire don Idirlíon.
Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall
 
• Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan
sreang chun eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta
aistrithe nó fachtóirí eile a bhaineann le caighdeán an
chomhartha.
• Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do
ródaire.
DHCP
 
• Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP
(Prótacal Óstchumraíochta Dinimiciúla) an ródaire a
sheicéail. Ba cheart go mbeadh DHCP casta air.
Nasc Bluetooth caillte
 
• Lonnaigh an callaire gan sreang laistigh de 5 méadar
ón teilifís.
• Tá áiteanna a bhfuil go leor gníomhaíochta gan
sreang iontu - árasáin a bhfuil go leor ródairí gan
sreang ann - in ann cur isteach ar an nasc gan sreang.
Bíodh an ródaire agus an callaire gan sreang chomh
gar don teilifís agus is féidir.
Sioncronú Fuaime agus Físe Bluetooth
 
• Sula gceannóidh tú callaire gan sreang Bluetooth,
cuir tú féin ar an eolas faoi chaighdeán a shioncronú
Fuaim go Fís, a dtugtar 'beolbheachtú' air go hiondúil.
Ní fheidhmíonn gach gléas Bluetooth i gceart. Beidh
do mhiondíoltóir in ann comhairle a chur ort.
Teanga Mhícheart Roghchláir
Teanga mhícheart roghchláir
 
 
Athraigh an teanga ar ais do do theanga féin.
1 -  Brúigh 
 (an eochair chiorclach os cionn na
heochrach   OK.
2 -  Roghnaigh an deilbhín 
 (Socruithe) agus
brúigh  OK.
3 -  Brúigh 5 uair 
 (síos).
4 -  Brúigh 3 uair 
 (deas), roghnaigh do theanga
agus brúigh  OK.
5 -  Brúigh 
 BACK chun an roghchlár a dhúnadh.
29.4
Cabhair Ar Líne
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne
chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a
réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus
uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt arwww.philips.com/support.
Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil
linn i do thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta,
chomh maith le freagraí do cheisteanna coitianta
(CCanna). I roinnt tíortha is féidir leat labhairt le duine
dár gcomhghleacaithe agus do cheist a chur go
díreach nó trí ríomhphost.
Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil nó an
treoirleabhar chun é a léamh ar do ríomhaire.
29.5
Tacaíocht agus Athdheisiú
Is féidir leat glaoch ar an mbeolíne Chúram
Custaiméirí i do thír chun tacaíocht nó athdheisiú a
fháil. Déanfaidh ár n-innealltóirí seirbhíse athdheisiú,
más gá.
Aimsigh an uimhir theileafóin sa cháipéisíocht
phriontáilte a tháinig leis an teilifís.
Nó tabhair cuairt ar ár láithreán
gréasáin  www.philips.com/support agus roghnaigh
do thír más gá.
 Feidhmchlár Tacaíochta
 
 
Is féidir leat freisin cuardach a dhéanamh don
fheidhmchlár Tacaíocht i ró na bhFeidhmchlár ar an
roghchlár Baile.
Oscail an feidhmchlár seo agus aimsigh an uimhir
teileafóin chun teagmháil a dhéanamh linn.
Uimhir mhúnla agus sriathuimhir na teilifíse
 
 
D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an
táirge teilifíse agus an tsraithuimhir a thabhairt.
Aimsigh na huimhreacha seo ar an lipéad pacáistithe
106