Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
Fadhbanna le fuaim HTS
Fuaim le torann ard
 
 
Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne
USB atá plugáilte isteach nó ríomhaire nasctha,
d'fhéadfadh an torann ó do Chóras Amharclainne
Baile a bheith díchumtha. Cloistear an torann sin nuair
atá fuaim DTS ag an gcomhad fuaime nó físeáin ach
gan próiseáil fuaime DTS a bheith ag an gCóras
Amharclainne Baile. Is féidir leat caoi a chur air sin trí 
Formáid Fuaim Amach na teilifíse a athrú go Steiréó
(neamh-chomhbhrúite).
Brúigh 
 le haghaidh  Suiteáil > Fuaim >
Ardsocruithe > Formáid Fuaime Amach.
Níl aon fhuaim ann
 
 
Mura bhfuil tú in ann an fhuaim a chloisteáil ón teilifís
ar do Chóras Amharclainne Baile, seiceáil ar nasc tú
an cábla HDMI le nasc HDMI ARC ar an gCóras
Amharclainne Baile. Is nasc HDMI ARC gach nasc
HDMI ar an teilifís.
4.5
Fóin Chliste agus Táibléid
Chun fón cliste nó taibléad a nascadh leis an teilifís, is
féidir leat nasc gan sreang nó sreangaithe a úsáid.
Gan sreang
 
 
I gcás naisc gan sreang, íoslódáil an Philips TV
Remote App ó shiopa feidhmchlár go dtí d'fhón cliste
nó do thaibléad.
Sreangaithe
 
 
I gcás naisc sreangaithe, úsáid an nasc HDMI 4 MHL
ar chúl na teilifíse. In  Cabhair, brúigh an eochair
datha 
 Eochairfhocail  agus déan cuardach do 
HDMI MHL chun tuilleadh eolais a fháil.
4.6
Seinnteoir Diosca Blu-ray
Úsáid cábla HDMI ardluais chun an seinnteoir Diosca
Blu-ray a nascadh leis an teilifís.
Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Blu-
ray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na
teilifíse .
4.7
Seinnteoir DVD
Úsáid an HDMI cábla chun an seinnteoir DVD a
nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá
EasyLink CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú
le cianrialtán na teilifíse.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi EasyLink,
in  Cabhair, brúigh 
 Eochairfhocail  agus déan
cuardach do  EasyLink HDMI CEC.
4.8
Bluetooth - Callairí agus
Ceapa Stiúrtha
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat gléas gan sreang a nascadh le Bluetooth®
leis an teilifís seo – callaire gan sreang, fo-dhordaire,
barra fuaime nó cluasáin. Is féidir leat ceap stiúrtha
gan sreang a nascadh le Bluetooth LE.
Chun fuaim na teilifíse a sheinnt ar challaire gan
sreang, ní mór duit an callaire gan sreang a phéireáil
leis an teilifís. Is féidir leat roinnt callairí gan sreang
agus 4 ghléas Bluetooth LE (ísealfhuinneamh) ar a
mhéid a phéireáil. Ní féidir leis an teilifís ach fuaim a
sheinnt ar challaire amháin san iarraidh. Má nascann
tú fo-dhordaire, seinntear an fhuaim ar an teilifís agus
ar an bhfo-dhordaire. Má nascann tú barra fuaime, ní
sheinntear an fhuaim ach ar an mbarra fuaime
amháin.
Aire - Sioncronú Fuaim le Fís
 
 
Tá 'tréimhse folaigh', mar a thugtar air, ard ag go leor
córas callairí Bluetooth. Ciallaíonn tréimhse folaigh
ard go mbíonn an fhuaim taobh thair den fhís, rud a
fhágann nach mbíonn an 'beolbheachtú'
sioncronaithe. Sula gceannóidh tú córas callairí
20