Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
Ord Cainéal a athrú
Ní féidir leat ord cainéal athrú (athordaigh) ach
amháin i Liosta Ceanán.
Chun an seicheamh cainéal a athrú…
1 -  Oscail an Liosta Ceanán a bhfuil uait ord nua a
chur air.
2 -  Brúigh 
 OPTIONS , roghnaigh Cuir Ord Nua ar
Chainéil agus brúighOK.
3 -  Sa Liosta Ceanán, roghnaigh an cainéal a bhfuil
uait é a chur in ord nua agus brúigh  OK.
4 -  Bog an cainéal go dtí an áit atá uait leis na
méaracha 
 (suas) nó   (síos).
5 -  Brúigh  OK chun an suíomh nua a dhearbhú.
6 -  Is féidir leat ord nua a chur ar chainéil ar an gcaoi
chéanna go dtí go ndúnann tú an Liosta Ceanán leis
an eochair 
  BACK.
7.5
Téacs / Teilithéacs
Leathanaigh Téacs
Chun Téacs/Teilitéacs a oscailt agus tú ag féachaint
ar chainéil teilifíse, brúigh TEXT.
Chun Téacs a dhúnadh, brúigh TEXT arís.
Roghnaigh leathanach téacs
 
 
Chun leathanach a roghnú... . .
1 -  Cuir isteach uimhir an leathanaigh leis na
heochracha uimhreacha.
2 -  Úsáid na heochracha saighde chun nascleanúint.
3 -  Brúigh eochair datha chun ábhar atá
dathchódaithe a roghnú ag bun an scáileáin.
Foleathanaigh téacs
 
 
Tá roinnt foleathanach in ann a bheith ag leathanach
téacs. Taispeántar uimhreacha na bhfoleathanach ar
bharra in aice le huimhir an phríomhleathanaigh.
Chun foleathanach a roghnú, brúigh 
 nó   .
T.O.P. Leathanaigh téacs
 
 
Tairgeann roinnt craoltóirí Téacs T.O.P. Téacs.
Chun T.O.P. a oscailt Leathanaigh Téacs laistigh de
Théacs, brúigh 
 OPTIONS  agus roghnaigh 
forbhreathnú T.O.P.
Leathanaigh ceanán
 
 
Déanann an teilifís liosta den 10 leathanach Téacs
deireanacha a d'oscail tú. Is féidir leat iad a athoscailt
sa cholún Leathanaigh Téacs Ceanán.
1 -  In Téacs, roghnaigh an réalta ar bharr an scáileáin
ar thaobh na láimhe clé chun colún na leathanach
ceanán a thaispeáint.
2 -  Brúigh 
 (síos) nó    (suas) chun uimhir
leathanaigh a roghnú agus brúighOK chun an
leathanach a oscailt.
Is féidir leat an liosta a ghlanadh leis an rogha Glan
leathanaigh ceanán.
Téacs a chuardach
 
 
Is féidir leat focal a roghnú agus Téacs a scanadh le
haghaidh gach ásc den fhocal sin.
1 -  Oscail leathanach Téacs agus brúigh OK.
2 -  Roghnaigh focal nó uimhir leis na méaracha
saighde.
3 -  Brúigh OK arís chun dul díreach go dtí an chéad
ásc eile den fhocal nó den uimhir sin.
4 -  Brúigh OK arís chun dul go dtí an chéad ásc eile.
5 -  Chun an cuardach a stopadh, brúigh 
 (suas) go
dtí nach bhfuil aon rud roghnaithe.
Téacs ó ghléas nasctha
 
 
Tá roinnt gléasanna a fhaigheann cainéil teilifíse in
ann Téacs a thairgeadh freisin.
Chun Téacs a oscailt ó ghléas nasctha . . .
1 -  Brúigh 
  SOURCES, roghnaigh an gléas agus
brúigh OK.
2 -  Agus tú ag féachaint ar chainéal ar an ngléas,
brúigh 
 OPTIONS , roghnaigh Taispeáin eochracha
an ghléis agus roghnaigh an eochair 
 agus
brúighOK.
3 -  Brúigh 
 BACK  chun na heochracha gléis a
chur i bhfolach.
4 -  Chun Téacs a dhúnadh, brúigh 
  BACK arís.
Téacs (Ríocht Aontaithe amháin)
 
 
Tairgeann roinnt craoltóirí teilifíse digití Téacs
Digiteach nó teilifís idirghníomhach ar a gcainéil
dhigiteacha teilifíse. Áirítear leis seo gnáth-Théacs a
úsáidtear leis na heochracha uimhreacha, dathanna
agus nascleanúna chun roghanna a dhéanamh agus
chun bogadh.
Chun Téacs Digiteach a dhúnadh, brúigh 
  BACK.
Roghanna Téacs
Brúigh 
 OPTIONS in Téacs/Teilitéacs chun na rudaí
seo a leanas a roghnú…
• Reoigh leathanach
Chun rothlú uathoibríoch fo-leathanach a stopadh.
• Déscáileán / Scáileán iomlán
Chun an cainéal teilifíse agus Téacs a thaispeáint in
aice a chéile.
• Forbhreathnú T.O.P.
Chun T.O.P. a oscailt Téacs.
• Méadaigh
Chun an leathanach Téacs a mhéadú le go mbeidh sé
éasca é a léamh.
• Nocht
Chun eolas atá i bhfolach ar an leathanach a
thaispeáint.
• Timthriall foleathanach
Chun fo-leathanaigh a thimthriall nuair atá fáil orthu .
39