Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
8
Eolaire Teilifíse
8.1
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat liosta de na cláir reatha agus iad siúd atá
sceidealta ar do chainéil a fheiceáil leis an Eolaire
Teilifíse. Taispeánfar cainéil analógacha agus
dhigiteacha nó cainéil dhigiteacha amháin, ag brath ar
cé as atá eolas (sonraí) an eolaire teilifíse ag teacht. Ní
bhíonn eolas Eolaire Teilifíse ag gach cainéal.
Is féidir leis an teilifís eolas eilifíse a bhailiú do na
cainéil atá suiteáilte ar an teilifís. Ní féidir leis an teilifís
eolas Eolaire Teilifíse a bhailiú do chainéil a
bhféachtar orthu ó ghlacadóir digiteach nó díchódóir.
8.2
Sonraí Eolaire Teilifíse
Faigheann an t-eolaire teilifíse eolas (sonraí) ó
chraoltóirí nó ón Idirlíon. D'fhéadfadh eolas eolaire
teilifíse gan a bheith ar fáil i roinnt réigiún agus i gcás
roinnt cainéal. Is féidir leis an teilifís eolas eilifíse a
bhailiú do na cainéil atá suiteáilte ar an teilifís. Ní féidir
leis an teilifís eolas Eolaire Teilifíse a bhailiú do
chainéil a bhféachtar orthu ó ghlacadóir digiteach nó
díchódóir.
Is é an réamhshocrú atá ar an teilifís maidir le heolas
ná Ón gCraoltóir.
Má thagann eolas Eolaire Teilifíse ón Idirlíon, is féidir
leis an Eolaire Teilifíse cainéil analógacha a liostáil in
aice leis na cainéil dhigiteacha. Taispeánann
roghchlár an Eolaire Teilifíse freisin scáileán beag
taobh istigh den chainéal reatha.
Ón Idirlíon
 
 
Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, is féidir leat an
teilifís a shocrú chun eolas Eolaire Teilifíse a fháil ón
Idirlíon.
Chun eolas Eolaire Teilifíse a shocrú…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Socruithe Ginearálta agus
brúigh 
 (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 -  Roghnaigh  Ardsocruithe >  Eolaire
Teilifíse >  Ón Idirlíon agus brúigh  OK.
4 -  Brúigh 
 (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh. 
Taifeadtaí ar iarraidh
 
 
Nuair is cosúil go bhfuil roinnt taifeadtaí imithe ón
liosta taifeadtaí, d'fhéadfadh eolas (sonraí) an eolaire
teilifíse a bheith athraithe. Ní bhíonn taifeadtaí a
dhéantar leis an socrú Ón gCraoltóir infheicthe sa
liosta má athraíonn tú an socrú go Ón Idirlíon nó an
bealach eile thart. D'fhéadfadh an teilifís a bheith
athraithe go Ón Idirlíon go huathoibríoch.
Chun na taifeadtaí a chur ar fáil sa liosta taifeadtaí,
athraigh go dtí an socrú a bhí roghnaithe nuair a
rinneadh na taifeadtaí.
8.3
An Eolaire Teilifíse a Úsáid
Oscail an Eolaire Teilifíse
Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt, brúigh 
TV
GUIDE. Taispeánfaidh an tEolaire Teilifís cainéil an
tiúnóra atá roghnaithe.
Brúigh 
 TV GUIDE  arís chun dúnadh.
Déanann an teilifís scanadh ar gach cainéal teilifíse le
haghaidh eolas cláir an chéad uair a osclaíonn tú an
tEolaire Teilifíse. D'fhéadfadh sé seo roinnt nóiméad a
thógáil. Stóráltar sonraí an Eolaire Teilifíse ar an
teilifís.
Tiúin do Chlár
Is féidir leat tiúnáil go dtí clár reatha ón Eolaire
Teilifíse.
Chun athrú go dtí an clár (cainéal), roghnaigh an clár
agus brúigh OK.
Féach ar shonraí cláir
 
 
Chun sonraí an chláir atá roghnaithe a thaispeáint…
1 -  Brúigh 
  INFO.
2 -  Brúigh 
  BACK chun dúnadh.
Athraigh an Lá
Tá an tEolaire Teilfíse in ann na cláir atá sceidealaithe
do na laethanta atá romhainn a thaispeáint
(uasmhéid de 8 lá).
Brúigh an eochair datha 
  Lá agus roghnaigh an lá
atá uait.
Meabhrúchán a Shocrú
Is féidir leat meabhrúchán a shocrú do chlár.
Tabharfaidh teachtaireacht rabhadh duit ag tús an
chláir. Is féidir leat tiúnáil go dtí an cainéal sin
láithreach.
Marcáltar clár a bhfuil meabhrúchán air le 
 (clog).san Eolaire teilifíse.
42