Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
Teilifís ar Éileamh a úsáid
Chun Teilifís ar Éileamh a oscailt…
1 -  Brúigh 
  TOP PICKS chun an roghchlár sár-
roghanna a oscailt.
2 -  Roghnaigh 
 Teilifís ar Éileamh  ar bharr an
scáileáin agus brúigh  OK.
3 -  Brúigh 
 (síos) chun an leathanach a oscailt
lánscáileáin.
4 -  Is féidir leat craoltóir faoi leith a roghnú má tá
níos mó ná ceann amháin ar fáil.
5 -  Roghnaigh a deilbhín cláir agus brúigh  OK chun
tosú ag féachaint.
6 -  Brúigh 
  BACK chun dúnadh. 
Nuair a osclaíonn tú Teilifís ar Éileamh, d'fhéadfadh
roinnt soicind a bheith ag teastáil ón teilifís chun an t-
eolas leathanaigh a athnuachan.
A luaithe is atá clár tosaithe, is féidir leat na
heochracha 
 (Seinn) agus   (Cuir ar sos) a úsáid.
10.4
Físeáin ar Éileamh
Maidir le Físeán ar Éileamh
Is féidir leat scannáin a thógáil amach ar cíos ó shiopa
físeáin ar líne le 
 Físeán ar Éileamh .
Is féidir leat ligint do Físeán ar Éileamh roinnt moltaí
pearsantaithe scannán a dhéanamh a bheidh
bunaithe ar do thír, suiteáil na teilifíse agus ar na cláir
a mbíonn tú ag féachaint orthu go rialta.
Ní thaispeánfar an deilbhín  
 sa bharra ar bharr ach
amháin nuair atá Físeán ar Éileamh ar fáil.
Íocaíocht
 
 
Nuair a thógann tú amach scannán ar cíos nó nuair a
cheannaíonn tú scannán, is féidir leat an siopa físeáin
a íoc go sábháilte le do chárta creidmheasa. Iarrann
an chuid is mó de na siopaí físeáin ort cuntas logála
isteach a chruthú an chéad uair a thógann tú scannán
amach ar cíos.
Trácht Idirlín
 
 
Má shruthaíonn tú go leor físeán, d'fhéadfá dul thar
do theorainn tráchta Idirlín mhíosúil.
Ag Úsáid Físeán ar Éileamh
Chun Físeán ar Éileamh a oscailt…
1 -  Brúigh 
  TOP PICKS chun an roghchlár sár-
roghanna a oscailt.
2 -  Roghnaigh 
 Físeán ar Éileamh  ar bharr an
scáileáin agus brúigh  OK.
3 -  Úsáid na heochracha nascleanúna chun póstaer
scannáin a roghnú.
4 -  Brúigh 
  BACK chun dúnadh. 
Nuair a osclaíonn tú Físeán ar Éileamh, d'fhéadfadh
roinnt soicind a bheith ag teastáil ón teilifís chun an t-
eolas leathanaigh a athnuachan. 
Is féidir leat siopa físeáin ar leith a roghnú má tá níos
mó ná ceann amháin ar fáil.
Chun scannán a thógáil amach ar cíos…
1 -  Fág an pointeoir ar phóstaer scannáin.
Taispeánfar faisnéis theoranta tar éis cúpla soicind.
2 -  Brúigh  OK chun leathanach scannán an tsiopa
físeáin a oscailt chun achoimre den scannán a fháil.
3 -  Deimhnigh d'ordú.
4 -  Déan an íocaíocht ar an teilifís.
5 -  Tosaigh ag féachaint. Is féidir leat na heochracha 
 (Seinn) agus  (Cuir ar sos) a úsáid.
48