Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
Cluichí
Is féidir leat cluichí a imirt ar an teilifís le Google Play
Games. Ar líne nó as líne.
Is féidir leat an cluiche atá á imirt ag do chairde faoi
láthair a fheiceáil nó páirt a ghlacadh. Is féidir leat a
bhfuil bainte amach agat a thaifeadadh nó tosú ón áit
ar chríochnaigh tú an uair dheireanach.
A bhfuil de dhíth ort
 
• ní mór do do theilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon.
• ní mór duit síniú isteach le do Chuntas Google ar an
Teilifís 
• cárta creidmheasa a chur ar do Chuntas Google
chun cluichí nua a cheannach 
Tosaigh an feidhmchlár Google Play Games cluiche
nua a roghnú agus a shuiteáil ar do theilifís. Tá roinnt
cluichí in aisce. Taispeánfar teachtaireacht má tá ceap
stiúrtha ag teastáil chun an cluiche a imirt.
Chun Google Play Games a thosú nó a stopadh…
1 -  Brúigh 
  HOME.
2 -  Scrolláil síos agus roghnaigh 
 Feidhmchláir  > 
Google Play Games agus brúigh OK.
3 -  Roghnaigh cluiche le himirt nó roghnaigh cluiche
nua le suiteáil agus brúigh OK.
4 -  Nuair atá tú réidh, brúigh 
  BACK arís agus arís
eile nó brúigh 
  EXIT nó is féidir leat an
feidhmchlár a stopadh leis an gcnaipe. 
Taispeánfar na cluichí a shuiteálann tú sa ró 
 Cluichí  ar an roghchlár Baile
Tá roinnt táirgí agus gnéithe Google Play nach bhfuil
ar fáil i ngach tír.
Faigh tuilleadh eolais ar 
support.google.com/androidtv
Google Play Store
Is féidir leat feidhmchláir nua a íoslódáil agus a
shuiteáil ón Google Play Store. Tá roinnt feidhmchlár
in aisce.
A bhfuil de dhíth ort
 
• ní mór do do theilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon.
• ní mór duit síniú isteach le do Chuntas Google ar an
Teilifís
• cuir cárta creidmheasa le do Chuntas Google chun
feidhmchláir nua a cheannach 
Chun feidhmchlár nua a shuiteáil…
1 -  Brúigh 
  HOME.
2 -  Scrolláil síos agus roghnaigh 
 Feidhmchláir  > 
Google Play Store agus brúigh OK.
3 -  Roghnaigh an mhír a bhfuil uait é a shuiteáil agus
brúighOK.
4 -  Chun an Google Play Store a dhúnadh,
brúigh 
  BACK arís agus arís eile nó
brúigh 
  EXIT.
Scagadh Ábhar (Rialuithe tuismitheora)
 
 
Is féidir leat feidhmchláir a cheilt sa Google Play
Store, ag brath ar aibíocht na n-úsáideoirí/na
gceannaitheoirí. Ní mór duit cód PIN a chur isteach
chun an leibhéal aibíochta a roghnú nó a athrú.
Chun an rialú tuismitheora a shocrú…
1 -  Brúigh 
  HOME.
2 -  Scrolláil síos agus roghnaigh 
 Feidhmchláir  > 
Google Play Store agus brúigh OK.
3 -  Roghnaigh Socruithe > Scagadh Ábhar agus
brúigh OK.
4 -  Roghnaigh an leibhéal aibíochta atá uait.
5 -  Cuir isteach an cód PIN nuair a iarrtar é.
6 -  Chun an Google Play Store a dhúnadh,
brúigh 
  BACK arís agus arís eile nó
brúigh 
  EXIT. 
Tá roinnt táirgí agus gnéithe Google Play nach bhfuil
ar fáil i ngach tír.
Faigh tuilleadh eolais ar
  support.google.com/androidtv
Íocaíochtaí
Chun íocaíocht Google Play a dhéanamh ar an teilifís,
ní mór duit cineál íocaíochta a shonrú – cárta
creidmheasa (lasmuigh de na Stáit Aontaithe) – ar do
Chuntas Google. Nuair a cheannaíonn tú scannán nó
clár teilifíse, déanfar tú a mhuirearú ar an gcárta
creidmheasa seo.
Chun cárta creidmheasa a chur leis an liosta…
1 -  Téigh go dtí accounts.google.com agus sínigh
isteach leis an gCuntas Google a mbainfidh tú úsáid
as le Google Play ar an Teilifís.
2 -  Téigh go dtí wallet.google.com chun cárta a chur
le do Chuntas Google.
3 -  Cuir isteach sonraí do chárta creidmheasa agus
glac leis na téarmaí agus na coinníollacha.
15.3
Gailearaí na bhFeidhmchlár
Nasc an teilifís leis an Idirlíon chun leas a bhaint as na
feidhmchláir atá roghnaithe ag Philips. Is don teilifís
go sainiúil a rinneadh na feidhmchláir
seo. Tairgeann  Gailearaí na bhFeidhmchlár
Philips   raon leathan feidhmchlár. I roinnt tíortha, is
féidir leat feidhmchláir ó shiopa físeán áitiúil a
shuiteáil nó feidhmchláir ó chraoltóirí teilifíse i do
thír. Is féidir le roinnt acu siúd seirbhísí Catch-Up TV a
thairiscint. Tá íoslódáil agus suiteáil feidhmchlár ó
Ghailearaí na bhFeidhmchlár in aisce.
Tá Gailearaí na bhFeidhmchlár Philips in ann a bheith
55