Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
Cas air Miracast
Cinntigh go bhfuil Wi-Fi Miracast casta air.
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Gan sreang agus Líonraí agus
brúigh 
 (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 -  Roghnaigh  Sreangaithe nó Wi-Fi >  Wi-Fi
Miracast agus brúigh  OK.
4 -  Roghnaigh Air agus brúigh  OK.
5 -  Brúigh 
 (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Scáileán a roinnt ar an teilifís
Chun scáileán d'fhón cliste, taibléad nó do ríomhaire
a roinnt ar an teilifís…
1 -  Cas air an teilifís.
2 -  Socraigh an gléas chun a scáileán a theilgean nó
a scáthánú sa roghchlár socruithe ar an ngléas.
Úsáideann Miracast Wi-Fi Direct™.
3 -  Scan do na gléasanna Miracast atá ar fáil ar an
ngléas agus roghnaigh an teilifís chun nascadh.
4 -  Glac leis an iarratas chun nascadh ar an teilifís.
D'fhéadfaí iarraidh ort cód PIN a chur isteach ar an
teilifís ón ngléas - cuir isteach na huimhreacha leis na
heochracha uimhreach ar an gcianrialtán. Mar
mhalairt air sin, d'fhéadfaí iarraidh ort cód PIN a chur
isteach ar an ngléas. Má dhéantar an nasc,
taispeánfaidh an teilifís scáileán an ghléis.
5 -  Roghnaigh na físeáin, na grianghraif nó na
comhaid ar an ngléas a bhfuil uait breathnú orthu ar
an teilifís. 
* Tacaíonn leagan WiDi 3.5 agus leaganacha níos
deireanaí le Miracast. 
D'fhéadfá an nasc Wi-Fi (e.g. 'DIRECT_tvname') a
aimsiú freisin i liostaí líonraí atá ar fáil ar ghléasanna
eile líonra, e.g. do ríomhaire glúine. Mar sin féin, ní
féidir ach gléasanna Wi-Fi Miracast an nasc seo a
úsáid. 
Éirigh as Roinnt
Is féidir leat éirí as roinnt ón teilifís nó ón ngléas
soghluaiste.
Ón ngléas
 
 
Is féidir leat an feidhmchlár a d'úsáid tú chun Miracast
a thosú a úsáid chun dínascadh agus éirí as féachaint
ar scáileán an ghléis ar an teilifís. Athróidh an teilifís ar
ais go dtí an clár deireanach a bhí roghnaithe.
Ón teilifís
 
 
Chun éirí as féachaint ar scáileán an ghléis ar an
teilifís, is féidir leat . . .
• brúigh 
  EXIT chun féachaint ar theilifís
• brúigh 
 HOME chun gníomhaíocht eile ar an teilifís
a thosú
• brúigh
 SOURCES  chun an roghchlár Foinsí a
oscailt agus gléas nasctha a roghnú.
Gléas a Bhlocáil
Is féidir leat gléas a bhlocáil an chéad uair a
fhaigheann tú iarratas uaidh nascadh. Déanfar
neamhaird den iarratas sin agus gach iarratas eile ón
ngléas sin sa todhchaí.
Chun gléas a bhlocáil…
Roghnaigh Blocáil agus brúigh OK.
Díbhlocáil gach gléas
 
 
Tá gach gléas a nascadh agus a blocáladh roimhe seo
stóráilte i liosta nasc Wi-Fi Miracast. Má ghlanann tú
an liosta seo, díbhlocálfar gach gléas atá blocáilte.
Chun gach gléas blocáilte a dhíbhlocáil…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Gan Sreang agus Líonraí > 
Sreangaithe nó Wi-Fi agus brúigh OK.
3 -  Roghnaigh  Naisc Wi-Fi Miracast agus brúigh 
OK. Glanfar an liosta.
4 -  Brúigh 
 (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Chun gléas a bhí nasctha cheana féin a bhlocáil
 
 
Má tá uait gléas a bhí nasctha cheana féin a bhlocáil,
ní mór duit an liosta nasc Wi-Fi Miracast a ghlanadh
ar dtús. Má ghlanann tú an liosta seo, beidh ort an
nasc do gach gléas a dhearbhú nó a bhlocáil arís.
Moill Scáileáin
Isteach is amach le 1 soicind an ghnáthmhoill nuair
atáthar ag roinnt scáileán le Miracast. D'fhéadfadh an
mhoill a bheith níos faide má tá gléasanna/ríomhairí
níos sine in úsáid agat a bhfuil níos lú cumhachta
próiseála acu. 
19.4
AirPlay
Chun feidhmiúlacht AirPlay a chur le do Android TV, is
féidir leat ceann amháin de na feidhmchláir Android a
íoslódáil agus a shuiteáil. Is féidir leat go leor de na
feidhmchláir sin a fháil sa Google Play Store.
66