Philips 55PUT4900/12 ユーザーズマニュアル

ページ / 67
1
Turas Teilifíse
1.1
Ultra HD TV
Tá taispeáint Ultra HD ag an teilifís seo. Tá an taifeach
atá aici ceithre oiread níos fearr ná an taispeáint a
bhíonn ag gnáthHD. Is é atá i gceist le Ultra HD ná 8
milliún picteilín chun an pictiúr is míne agus is fearr a
thabhairt ar an teilifís.
Is féidir leat féachaint ar fhíseáin dhúchasacha Ultra
HD trí nasc HDMI. Nuair a fhéachann tú ar theilifís le
Ultra HD, tá an pictiúr glan agus dea-shainithe, fiú ar
scáileán mór.
1.2
An teilifís a chur ar sos agus
taifeadtaí
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh
a chur ar sos agus a thaifeadadh ó chainéal teilifíse
digití.
Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach
bíodh briseadh agat i rith cluiche spóirt. Is féidir leat
tosú ag féachaint arís ar ball.
Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat
craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat
taifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar chlár, nó clár
atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú.
 
1.3
EasyLink
Is féidir leat gléas nasctha, cosúil le seinnteoir Diosca
Blu-ray, a oibriú le cianrialtán na teilifíse le EasyLink.
Baineann EasyLink úsáid as HDMI CEC chun
cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha.
 
3