Philips 55PUT4900/12 ユーザーズマニュアル

ページ / 67
19
Téarmaí Úsáide,
cóipchearta agus
ceadúnais
19.1
Téarmaí Úsáide
2015 © TP Vision Europe B.V. Gach ceart ar cosnamh.
Is é TP Vision Europe B.V. déantúsóir an táirge seo, a
dtagrófar feasta dó mar TP Vision, nó ceann dá
chuideachtaí cleamhnaithe, a thug an táirge seo chuig
an margadh. Is é TP Vision an barántóir i ndáil leis an
teilifís ar tháinig an leabhrán seo in aon phacáiste léi.
Is trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke
Philips N.V. Philips agus suaitheantas scéithe Philips.
D’fhéadfadh na sonraíochtaí a athrú gan choinne. Is le
Koninklijke Philips N.V., nó a úinéirí faoi seach, na
trádmharcanna. Tá sé de cheart ag TP Vision táirgí a
athrú am ar bith gan dualgas a bheith air táirgí atá ar
fáil cheana féin a athrú dá réir.
Creidtear go bhfuil an t-ábhar scríofa a tháinig in aon
phacáiste leis an teilifís agus an lámhleabhar atá
stóráilte i gcuimhne na teilifíse nó a íoslódáiltear ó
láithreán gréasáin Philips leordhóthanach don úsáid a
bhfuil an córas beartaithe lena haghaidh.
Creidtear go bhfuil an t-ábhar sa treoirleabhar seo
leordhóthanach don úsáid atá beartaithe ag an
gcóras. Má úsáidtear an táirge, nó a mhodúil nó
nósanna imeachta indibhidiúla, chun críche nach
bhfuil sonraithe leis seo, ní mór deimhniú a fháil
maidir lena mbailíocht agus a n-oiriúnacht.
Barántaíonn TP Vision Europe B.V. nach sáraíonn an t-
ábhar é féin aon phaitinn de chuid na Stát Aontaithe.
Níl aon bharantá eile ráite nó intuigthe. Ní bheidh TP
Vision Europe B.V. freagrach as aon earráid in ábhar
na cáipéise seo ná as aon fhadhb a eascraíonn as
ábhar na cáipéise seo. Leigheasfar earráidí a
thuairiscítear do Philips agus foilseofar ar láithreán
gréasáin tacaíochta Philips a luaithe is féidir. Téarmaí
baránta Baol gortuithe, damáiste don teilifís nó
neamhniú baránta! Ná déan iarracht go deo an teilifís
a athdheisiú tú féin. Úsáid an teilifís agus a
comhghabhálais mar atá beartaithe ag an déantúsóir.
Tugann an comhartha rabhaidh ar chúl na teilifíse le
fios go bhfuil baol turrainge leictrí ann. Ná bain as
clúdach na teilifíse go deo. Déan teagmháil le Cúram
Custaiméirí Philips TV le haghaidh seirbhíse nó
deisiúchán. Cuirfear an baránta ar neamhní má
dhéantar aon oibríocht atá toirmiscithe go sainráite sa
treoirleabhar seo, nó aon choigeartú nó nós imeachta
cóimeála nach bhfuil molta ná údaraithe sa
treoirleabhar seo. Tréithe picteilín Tá líon ard picteilíní
daite ag an táirge LCD/LED seo. Cé go bhfuil picteilíní
éifeachtacha de 99.999% nó níos airde aige,
d’fhéadfaí poncanna dubha nó pointí geala solais
(dearg, uaine nó gorm) a bheith ar taispeáint go
leanúnach ar an scáileán. Airí struchtúrtha de chuid na
taispeána é seo (laistigh de ghnáthchaighdeáin an
tionscail) agus ní mífheidhm é. Comhlíonadh CE Tá an
táirge seo ag comhlíonadh le bunriachtanais agus le
forálacha ábhartha eile Treoracha 2006/95/EC
(Voltas Íseal), 2004/108/EC (EMC) agus 2011/65/EU
(ROHS). Déantúsaíonn agus díolann EMF TP Vision
Europe B.V. go leor táirgí atá dírithe ar thomhaltóirí a
bhfuil an cumas acu, cosúil le trealamh leictreonach
ar bith, comharthaí leictreamhaighnéadacha a astú
agus a fháil. Is ceann de Phrionsabail Ghnó Philips
tabhairt faoi gach beart sláinte agus sábháilteachta
atá riachtanach dár dtáirgí chun comhlíonadh le gach
riachtanais dlí infheidhmithe agus chun fanacht taobh
istigh de na caighdeáin Réimse
Leictreamhaighnéadach (EMF) a bhí infheidhmithe ag
an am ar táirgeadh na táirgí. Tá Philips tiomanta táirgí
a fhorbairt, a tháirgeadh agus a chur ar an margadh
nach bhfuil ina n-údar d’éifeachtaí sláinte
díobhálacha. Dearbhaíonn TP Vision go bhfuil a
tháirgí sábháilte le haghaidh an úsáid atá beartaithe
acu de réir na fianaise eolaíche atá ar fáil inniu,
chomh fada is a úsáidtear iad chun an úsáid atá
beartaithe leo. Tá ról gníomhach ag Philips i
bhforbairt caighdeán idirnáisiúnta EMF agus
sábháilteachta, rud a chuireann ar chumas Philips
tuilleadh forbairtí i gcaighdeánú a ionchasú agus na
forbairtí sin a chomhtháthú go luath ina dtáirgí. 
19.2
Cóipchearta agus ceadúnais
Ultra HD TV
Is trádmharc é Lógó Taispeána DIGITALEUROPE
UHDde chuid DIGITALEUROPE.
HDMI
HDMI®
 
 
Is trádmharcanna nó trádmharcanna cláraithe de
HDMI Licensing LLC iad na téarmaí HDMI agus HDMI
High-Definition Multimedia Interface, agus lógó HDMI
Logo i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i dtíortha eile.
64