Philips 55PUT4900/12 사용자 설명서

다운로드
페이지 67
Baol róthéite
Ná cuir an teilifís go deo in áit a bhfuil an spás cúng
ann. Bíodh spás 20 ceintiméadar nó 4 orlach ar a
laghad timpeall na teilifíse i gcónaí le haghaidh
aeraithe. Bí cinnte nach gclúdaíonn cuirtíní nó rudaí
eile sliotáin aeraithe na teilifíse.
Stoirmeacha tintrí
Dínasc an teilifís ón asraon cumhachta agus ón aeróg
roimh stoirmeacha tintrí.
Ná leag do lámh ar aon chuid den teilifís, an seológ
cumhachta nó cábla na haeróige i rith stoirmeacha
tintrí.
Baol damáiste éisteachta
Ná húsáid cluasáin ar feadh tréimhsí fada nuair a
bhíonn an fhuaim an-ard agat.
Teochtaí ísle
Má iompraítear an teilifís nuair atá an teocht níos lú
ná 5° Celsius nó 41° Fahrenheit, díphacáil an teilifís
agus fan go dtí go mbeidh teocht an tseomra bainte
amach ag an teilifís sula nascfaidh tú an teilifís leis an
asraon cumhachta.
Bogthaise
Tá sé in ann tarlú go hannamh, ag brath ar theocht
agus ar bhogthaise, go mbeidh mion-comhdhlúthú ar
an taobh istigh d'aghaidh ghloine na teilifíse (ar
roinnt múnlaí). Chun é seo a chosc, ná nocht an teilifís
do sholas díreach na gréine, do theas ná do an-
bhogthaise. Má bhíonn comhdhlúthú ann, imeoidh sé
leis féin tar éis don teilifís a bheith air ar feadh roinnt
uaireanta.
Ní dhéanfaidh taise an bhogthaise aon dochar don
teilifís agus ní bheidh sé ina údar mífheidhme.
18.2
Cúram scáileáin
- Ná bíodh aon rud i dteagmáil leis an scáileán agus
ná húsáid aon rud chun an scáileán a bhrú, a chuimilt
nó a bhualadh.
- Bain amach pluga na teilifíse sula nglanann tú í.
- Glan an teilifís agus an fráma le ceirt bhog thais agus
cuimil go séimh í. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól,
ceimicigh nó glantóirí tí ar an teilifís.
- Glan braonta uisce chomh tapaidh agus is féidir
chun dífhoirmiúcháin agus téaltú dathanna a
sheachaint.
Seachain íomhánna cónaitheacha a mhéid is féidir.
Íomhánna a fhanann ar an scáileán ar feadh tréimhsí
fada iad íomhánna cónaitheacha. Áirítear le
híomhánna cónaitheacha roghchláir ar an scáileán,
barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Má chaitheann tú
íomhánna cónaitheacha a úsáid, laghdaigh
codarsnacht agus gile an scáileán chun damáiste don
scáileán a sheachaint.
63