Philips 55PUT4900/12 사용자 설명서

다운로드
페이지 67
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint
Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha
chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar
chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray.
Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach).
Y Pb Pr - Fuaim Clé Deas
Is nasc ardchaighdeánY Pb Pr - Fís Chomhpháirte.
Is féidir an nasc YPbPr a úsáid le haghaidh
comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Cuir isteach na
comharthaí Fuaime Clé agus Deas in aice leis na
comharthaí Y, Pb agus Pr.
Meaitseáil do dhathanna nascóra YPbPr (uaine, gorm,
dearg) leis na plugaí cábla nuair a nascann tú.
Úsáid cábla Fuaime Deas/Clé cinch má tá fuaim ag
do ghléas freisin.
CVBS - Fuaim Clé Deas
Is nasc ar ardchaighdeán CVBS - Fís Ilchodach. Tá na
comharthaí Fuaime Clé agus Deas in aice leis an
gcomhartha CVBS.
Fuaim Amach - Optúil
Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach -
Optúil. Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime
a iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ar do
ghléas, ar ghnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS)
é, is féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc
Fuaime Isteach - Optúil ar an HTS. Seolann an nasc
Fuaime Amach - Optúil an fhuaim ón teilifís go dtí an
HTS.
Is féidir leat cineál an chomhartha fuaime amach a
shocrú chun dul in oiriúint do chumais fuaime do
Chóras Amharclainne Baile.
Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an
scáileán, is féidir leat an sioncronú fuaime go físe a
choigeartú.
3.2
Comhéadan Coiteann - CAM
CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag
oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann
an craoltóir teilifíse na cláir seo agus díscrobhann
modúl CI+ réamhíoctha iad.
Cuireann craoltóirí teilifíse digití an modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) seo ar fáil nuair a
cheannaíonn tú suibscríbhinn dá gcuid clár préimhe.
Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag an cláir seo.
Déan teagmháil le craoltóir teilifíse digití le haghaidh
tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.
CAM
Cuir isteach modúl CAM
 
 
Cas as an teilifís sula gcuirfidh tú CAM isteach.
Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le
feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart
é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM
agus don teilifís.
8