Philips 55PUT4900/12 Manual Do Utilizador

Página de 67
10
Taifeadadh agus
Cuir Teilifís ar Sos
10.1
Taifeadadh
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Is féidir leat craoladh teilifíse digití a thaifeadadh agus
féachaint air níos deireanaí.
Chun clár teilifíse a thaifeadadh, teastaíonn na nithe
seo a leanas uait…
- Tiomántán Diosca Crua USB nasctha ar an teilifís
seo
- cainéil teilifíse dhigiteacha suiteáilte ar an teilifís seo
- chun eolas faoi chainéil a fháil don Eolaire Teilifíse
ar an scáileán
- socrú cloig teilifíse iontaofa. Má athshocraíonn tú
clog na teilifíse de láimh, d'fhéadfadh na
taifeadtaí teipeadh.
Ní féidir leat taifeadadh nuair atá Cuir an Teilifís ar Sos
in úsáid agat.
Ní cheadaíonn roinnt oibritheoirí teilifíse digití
taifeadadh cainéal.
Clár a thaifeadadh
Taifead anois
Chun an clár a bhfuil tú ag féachaint air anois a
thaifeadadh, brúigh 
 (Taifead) ar an gcianrialtán.
Tosóidh an taifeadadh láithreach.
Chun taifeadadh a stopadh, brúigh 
 (Stop).
Nuair atá sonraí ón Eolaire Teilifíse ar fáil, taifeadfar
an clár a bhfuil tú ag féachaint air ón nóiméad a
bhrúigh an eochair taifeadta go dtí go dtagann
deireadh leis an gclár. Mura bhfuil aon sonraí Eolaire
Teilifíse ar fáil, ní mhairfidh an taifeadadh ach 30
nóiméad. Is féidir leat an t-am a chríochnóidh an
taifeadadh a athrú sa liosta Taifeadtaí.
Taifead a sceidealú
Is féidir leat taifeadadh cláir atá le craoladh inniu nó i
gceann cúpla lá (suas le 8 lá) a sceidealú. Bainfidh an
teilifís úsáid as na sonraí ón Eolaire Teilifíse chun tús a
chur le taifeadadh agus chun deireadh a chur leis.
Chun clár a thaifeadadh…
1. Brúigh 
 Eolaire Teilifíse .
2. Ar leathanach an Eolaire Teilifíse, roghnaigh an
cainéal agus an clár a bhfuil uait é a
thaifeadadh. Brúigh 
 (deas) nó   (clé) chun
scrolláil trí chláir cainéil. Úsáid an eochair
datha 
  Lá agus roghnaigh an lá atá uait.
3. Agus an clár roghnaithe agat, brúigh an eochair
datha 
 Taifead . Tá an clár sceidealta chun
taifeadadh. Taispeánfar rabhadh go huathoibríoch
nuair atá taifeadtaí sceidealta atá ag forluí ar a chéile.
Má tá tú ag beartú clár a thaifeadadh nuair nach
bhfuil tú sa bhaile, ná déan dearmad an teilifís a
fhágáil ar Fuireachas agus an Diosca Crua USB a
fhágáil casta air.
Liosta taifeadtaí
Is féidir leat do chuid taifeadtaí a fheiceáil agus a
bhainistiú sa liosta taifeadtaí. In aice leis an liosta
taifeadtaí, tá lisota eile ann do thaifeadtaí sceidealta
agus do mheabhrúcháin.
Chun an liosta taifeadtaí a oscailt…
1. Brúigh 
 Eolaire Teilifíse .
2. Brúigh an eochair datha 
 Taifeadtaí .
3. Sa liosta taifeadtaí, roghnaigh na
tábanna  Nua,  Feicthe nó   Éagtha agus
brúigh  OK chun d'amharc a scagadh.
4. Agus taifeadadh roghnaithe sa liosta agat, is féidir
leat an taifeadadh a bhaint as leis an eochair
datha 
 Bain As  nó taifeadadh leanúnach a
stopadh leis an eochair datha 
 Stop Taifeadadh .
Is féidir leat taifeadadh a athainmniú leis an eochair
datha 
 Athainmnigh .
Is féidir le craoltóir teorainn a chur leis an líon
laethanta ar féidir féachaint ar thaifeadadh. Nuair a
théann an tréimhse seo in éag, marcálfar an
taifeadadh mar éagtha. Is féidir le taifeadadh sa liosta
an líon laethanta sula ngabhfaidh sé in éag a
thaispeáint.
Nuair a chuireann an craoltóir cosc le taifeadadh
sceidealaithe nó nuair a bhristear isteach ar
chraoladh, marcáiltear taifeadadh mar Teipthe.
Coimhlintí Taifeadta
Nuair atá dhá thaifeadadh sceidealta ag forluí ar a
chéile, tá coimhlint taifeadta ann. Chun coimhlint
taifeadta a réiteach, is féidir leat am tosaithe agus am
críochnaithe ceann amháin nó an dá thaifeadadh a
athrú.
Chun am tosaithe agus am críochnaithe taifeadta
sceidealta a athrú…
1. Brúigh 
 Eolaire Teilifíse . 
2. Brúigh an eochair datha 
 Taifeadtaí .
3. Ar bharr an scáileáin,
roghnaigh 
 Sceidealta  agus brúigh  OK.
37