Philips 47PFL6008S/12 Benutzerhandbuch

Seite von 85
Socruithe líonra
Chun na socruithe Líonra a oscailt, brúigh h agus roghnaigh
S Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh socruithe Líonra agus brúigh OK.
Socruithe líonra amhairc
Tá gach socrú líonra reatha ar taispeáint anseo. An seoladh IP
agus MAC, neart an chomhartha, luas, modh criptithe, srl.
Cineál líonra
Athraíonn sé socrú an líonra do Sreangaithe nó Gan Sreang.
Cumraíocht líonra
Athraíonn sé socrú chumraíocht an líonra do DHCP & IP
Uathoibríoch nó IP Statach.
Cumraíocht IP Statach
Má tá IP Statach socraithe, is féidir leat gach socrú IP statach
riachtanach a shocrú anseo.
Rindreálaí Meán Digiteach - DMR
Chun glacadh le comhaid ilmheáin ó fhóin chliste nó táibléid,
athraigh an DMR do Air.
Wi-Fi Miracast
Chun tuilleadh eolais faoi Wi-Fi Miracast a fháil, brúigh 
*
 List
agus déan cuardach do Wi-Fi Miracast™.
Naisc Wi-Fi Miracast
Chun tuilleadh eolais faoi Wi-Fi Miracast a fháil, brúigh 
*
 List
agus déan cuardach do Wi-Fi Miracast™.
Scáileán cliste Wi-Fi
Chun tuilleadh eolais faoi Wi-Fi a fháil, brúigh 
*
 List agus
déan cuardach do Feidhmchlár MyRemote, Scáileán Cliste Wi-
Fi.
Ainm an líonra teilifíse
Má tá níos mó ná teilifís amháin i do líonra, is féidir leat na
teilifíseanna a athainmniúanseo.
Glan cuimhne Idirlín
Glanann tú gach comhad Idirlín atá stóráilte ar do theilifís le
Glan cuimhne Idirlín. Glanann tú clárú do Philips Smart TV agus
do shocrú rátála tuismitheoirí, do logálacha do d'fheidhmchlár
siopa físeán, gach ceanán feidhmchláir Smart TV,
leabharmharcanna agus stair Idirlín. Ta feidhmchláir MHEG
idirghníomhacha in ann 'fianáin', mar a thugtar orthu, a shábháil
ar do theilifís freisin. Glanfar na comhaid sin freisin.
2.7
Nasc gléasanna
Treoir maidir le nascacht
Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde caighdeáin
atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar chaighdeán maith chun
a chinntiú go n-aistreofar pictiúir agus fuaimeanna go maith.
Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a nascadh
leis an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt ar threoir nascachta
Philips TV. Tugann an treoir eolas maidir leis an gcaoi nascadh
agus maidir leis na cáblaí atá le húsáid.
Téigh go dtí www.connectivityguide.philips.com
Aeróg
Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán agat, nasc
cáblaí na haeróige chun comhartha na haeróige a rith tríd an
mBosca bairr agus/nó an Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh
sé an teilifís. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an
Bosca bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an
Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta.
HDMI
HDMI CEC
Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le nasc
HDMI. Bíonn na comharthaí físeáin agus fuaime araon le chéile
in aon chábla HDMI amháin. Úsáid cábla HDMI le haghaidh
comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Úsáid cábla HDMI
Ardluais chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil agus ná
húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.
EasyLink HDMI CEC
Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá EasyLink acu,
is féidir leat iad a oibriú le cianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink
HDMI CEC a chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.
Suiteáil / Nasc gléasanna
9