Philips 22PFH4109/88 Benutzerhandbuch

Seite von 72
Suiteáil Unicable
An córas Unicable
Is féidir leat córas Unicable a úsáid chun an mhias aeróige a
nascadh leis an teilifís. Baineann córas Unicable úsáid as cábla
amháin chun an mhias aeróige a nascadh le gach glacadóir
satailíte ina chóras. Baintear úsáid as Unicable go minic i
bhfoirgnimh árasán. Má tá córas Unicable in úsáid agat, iarrfaidh
an teilifís ort uimhir banda úsáideora agus minicíocht
chomhfhreagrach a shannadh i rith na suiteála. Is féidir leat 1 nó
2 satalít a shuiteáil le Unicable ar an teilifís seo.
Má thugann tú faoi deara go bhfuil roinnt cainéal ar iarraidh i
ndiaidh suiteáil Unicable, tá an seans ann go ndearnadh suiteáil
eile ag an am céanna ar an gcóras Unicable. Déan an tsuiteáil arís
chun na cainéil atá ar iarraidh a shuiteáil.
 
Uimhir banda úsáideora
I gcóras Unicable, ní mór uimhir a bheith ag gach glacadóir
satailíte nasctha (e.g. 0, 1, 2 nó 3 etc.).
Is féidir leat na bandaí úsáideora atá ar fáil mar aon lena n-uimhir
a fháil ar an lascbhosca Unicable. Giorraítear banda úsáideora
uaireanta do UB. Tá lascbhoscaí Unicable ann a thairgeann 4 nó
8 bandaí úsáideora. Má roghnaíonn tú Unicable sna socruithe,
iarrfaidh an teilifís ort an uimhir banda úsáideora uathúil dá
ghlacadóir satailíte ionsuite a shannadh. Ní féidir an uimhir banda
úsáideora chéanna a bheith ag glacadóir satailíte amháin is atá ag
glacadóir satailíte eile sa chóras Unicable.
Minicíocht banda úsáideora
Chomh maith leis an uimhir banda úsáideora uathúil, tá
minicíocht an uimhir banda úsáideora atá roghnaithe ag teastáil
ón nglacadóir satailíte ionsuite. Taispeántar na minicíochtaí sin
den chuid is mó in aice leis an uimhir banda úsáideora ar
lascbhosca Unicable.
Cuir isteach satailít
Is féidir leat satailít bhreise a chur le do shuiteáil satailíte reatha.
Ní dhéanann sé aon difríocht do na satailítí suiteáilte ná dá
gcainéil. Mar sin féin, ní cheadaíonn roinnt oibritheoirí satailíte
duit satailít a chur leis an liosta.
Ba cheart caitheamh leis an satailít bhreise mar rud breise. Ní hé
do phríomhshuibscríbhinn satailíte é ná an phríomhshatailít a
bhfuil a pacáiste cainéal á úsáid agat. Chuirfeá an 4ú satailít leis an
liosta nuair atá 3 shatailít suiteáilte agat cheana féin. Má tá 4
shatailít suiteáilte agat cheana féin, d'fhéadfá breithniú a
dhéanamh ar cheann a bhaint as chun go mbeifeá in ann satailít
nua a shuiteáil.
Socruithe
 
 
Mura bhfuil ach 1 nó 2 satailít suiteáilte agat, tá an seans ann
nach ligfidh na socruithe suiteála reatha duit satailít bhreise a
chur leis an liosta. Má chaitheann tú na socruithe suiteála a athrú,
ní mór duit an tsuiteáil satailíte a athdhéanamh ina iomlán. Ní
féidir leat 
Cuir satailít leis an liosta a úsáid má tá athrú socruithe
ag teastáil.
2 - Chun satailít a chur leis an liosta . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh 
Déan cuardach do shatailít agus brúigh OK.
3. Roghnaigh 
Cuir satailít leis an liosta agus brúigh OK. Tá na
satailítí reatha ar taispeáint.
4. Roghnaigh 
Cuir leis an liosta agus brúigh OK. Déanfaidh an
teilifís cuardach do shatailítí nua.
5. Má tá satailít amháin nó níos mó aimsithe ag an teilifís,
roghnaigh 
Suiteáil agus brúigh OK. Suiteálann an teilifís cainéil na
satailítí a aimsíodh.
6. Chun na cainéil agus stáisiúin raidió a stóráil, roghnaigh 
Críochnaigh agus brúigh OK.
Satailít a bhaint as
Is féidir leat satailít amháin nó níos mó a bhaint as ó do shuiteáil
satailíte reatha. Baineann tú an tsatailít agus a cainéil as. Mar sin
féin, tá roinnt oibritheoirí satailíte ann nach gceadaíonn baint as
satailíte.
Chun satailítí a bhaint as . . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh 
Déan cuardach do shatailít agus brúigh OK.
3. Roghnaigh 
Bain satailít as agus brúigh OK. Taispeánfar na
satailítí reatha.
4. Úsáid na heochracha saighde chun an tsatailít a bhfuil uait í a
bhaint as a roghnú.
5. Brúigh 
OK chun satailít atá le baint as a mharcáil. Brúigh OK
arís chun é a dhímharcáil.
6. Roghnaigh 
Bain as, brúigh OK agus dearbhaigh. Baintear as na
satailítí.
7. Roghnaigh 
Amach agus brúigh OK chun Bain satailít as a
dhúnadh.
Cainéil satailíte a nuashonrú
Déanann an teilifís nuashonrú uathoibríoch uair amháin in
aghaidh an lae, ag 6 AM, ar na cainéil satailíte. Déanann
nuashonrú cainéal cuardach do chainéil nua agus cuireann sé le
liosta na gcainéal ansin iad. Baintear as cainéil nach bhfuil fáil
orthu a thuilleadh agus má dhéanann soláthróir athordú ar a
phacáiste cainéal, déanfar liosta cainéal na teilifíse a nuashonrú.
Ní mór don teilifís a bheith ar fuireachas chun na cainéil satailíte
a nuashonrú go huathoibríoch. Mar rogha air sin, is féidir leat
nuashonrú cainéal a dhéanamh tú féin am ar bith.
Marcáiltear cainéil nua a aimsítear leis an nuashonrú cainéal leis
an litirN agus bailítear le chéile iad sa liosta cainéal Nua. Cuirtear
28