Philips 22PFH4109/88 Manuel D’Utilisation

Page de 72
dhúnadh.
Callairí teilifíse
Is féidir leat fuaim na teilifíse a sheoladh chuig gléas fuaime
nasctha - Córas Amharclainne Baile nó córas fuaime. Roghnaíonn
tú an áit a bhfuil uait fuaim na teilifíse a chloisteáil agus an chaoi í
a rialú le 
Callairí teilifíse.
- Má roghnaíonn tú 
As, casann tú as callairí na teilifíse go buan.
- Má roghnaíonn tú 
Air, beidh callairí na teilifíse air i gcónaí.
Is féidir leat ceann de na socruithe EasyLink a úsáid nuair atá
gléas fuaime nasctha le HDMI CEC.
- Má roghnaíonn tú 
EasyLink, seolann an teilifís fuaim na teilifíse
go dtí an gléas fuaime. Casfaidh an teilifís as callairí na teilifíse
nuair atá an gléas ag seinnt na fuaime.
- Má roghnaíonn tú 
uath-thús EasyLink, casfaidh an teilifís an
gléas fuaime air, seolfaidh sé fuaim na teilifíse chuig an ngléas
agus casfaidh sé as callairí na teilifíse.
Nuair atá 
EasyLink nó uath-thús EasyLinkroghnaithe, is féidir
leat athrú go callairí teilifíse nó gléis i gcónaí sa roghchlár Pictiúir
agus Fuaime.
Chun na callairí teilifíse a shocrú. . .
1. 
Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. 
2 - Roghnaigh Fuaim > Ardsocruithe > Callairí teilifíse.
3. Brúigh 
 (deas) agus roghnaigh As, Air, EasyLink nó uath-
thús EasyLink.
4. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Chun callairí a athrú go díreach . . .
1. Agus tú ag féachaint ar an teilifís, brúigh 
 OPTIONS agus
roghnaigh 
Pictiúr agus fuaim.
2. Roghnaigh 
Callairí agus roghnaigh Teilifís nó Aimplitheoir
(gléas fuaime).
3. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Clear sound
Feabhsaíonn tú an fhuaim do chaint le 
Fuaim soiléir. Feileann sé
go breá do chláir nuachta. Is féidir leat an feabhas cainte a
chasadh air nó as.
Chun é a chasadh air nó as . . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh 
Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > 
Fuaim shoiléir.
3. Brúigh 
 (deas)agus roghnaigh Air nó As.
4. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
HDMI1-ARC
Mura bhfuil Cainéal Fillte Fuaime (ARC) ag teastáil uait ar aon
cheann de na naisc HDMI, is féidir leat an comhartha ARC a
chasadh as.
formáid Fuaim Amach
Is féidir leat comhartha fuaime amach na teilifíse a shocrú chun
dul in oiriúint do na cumais próiseála fuaime atá ag do Chóras
Amharclainne Baile le 
formáid Fuaim Amach.
Leibhéaladh Fuaime Amach
Is féidir airde fuaime an Chórais Amharclainne Baile a leibhéaladh
le hairde fuaime na teilifíse nuair a athraíonn tú ó cheann amháin
go dtí an ceann eile le 
leibhéaladh Fuaim Amach.
Moill ar Fhuaim Amach
Má shocraíonn tú moill sionc Fuaime ar do Chóras Amharclainne
Baile chun an fhuaim a shioncronú leis an bpictiúr, ní mór duit 
Moill ar Fhuaim amach ar an teilifís a chasadh as.
Seach-chur Fuaim Amach
Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras Amharclainne Baile,
is féidir leat moill a shocrú ar an teilifís le 
seach-chur Fuaim
Amach.
Callairí
Córas Amharclainne Baile
Is féidir fuaim na teilifíse a sheoladh chuig gléas fuaime nasctha -
Córas Amharclainne Baile nó córas fuaime.
Is féidir leat an áit a bhfuil tú ag iarraidh fuaime na teilifíse a
chloisteáil a roghnú, agus an chaoi a bhfuil uait é a rialú.
- Má roghnaíonn tú 
As, casann tú as callairí na teilifíse go buan.
- Má roghnaíonn tú 
Callairí teililfíse, beidh callairí teililfíse air i
gcónaí.
Is féidir leat ceann de na socruithe EasyLink a úsáid nuair atá
gléas fuaime nasctha le HDMI CEC.
- Má roghnaíonn tú 
EasyLink, seolann an teilifís fuaim na teilifíse
go dtí an gléas fuaime. Casfaidh an teilifís as callairí na teilifíse
nuair atá an gléas ag seinnt na fuaime.
- Má roghnaíonn tú 
uath-thús EasyLink, casfaidh an teilifís an
gléas fuaime air, seolfaidh sé fuaim na teilifíse chuig an ngléas
agus casfaidh sé as callairí na teilifíse.
Nuair atá EasyLink nó uath-thús EasyLink roghnaithe agat, is féidir
leat athrú go callairí teilifíse i gcónaí más gá.
38