Philips 42PFL5008T/12 Manuale Utente

Pagina di 75
 
GA      41  
 
G
ae
ilg
Suiteáil cainéil satailíte 
Athshuiteáil satailítí 
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh  . 
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardach 
satailíte] > [Athshuiteáil satailítí]. 
3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an 
tsuiteáil a chríochnú. 
4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Críochnaigh], 
ansin brúigh OK. 
 
 
Roghnaigh cineál an naisc 
Agus cainéil satailíte á suiteáil agat, ní mór 
duit cineál an naisc a shocrú. Cinneann líon 
na LNBanna ar aeróg do mhéise líon na 
gcainéal satailíte is féidir leat a shuiteáil. 
1. Agus satailítí á n-athshuiteáil, roghnaigh 
[Socruithe] agus ansin brúigh OK. 
2. Roghnaigh [Cineál an naisc]. 
3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK. 
 
[1 satailít (LNB singil)]: Roghnaigh más 
LNB amháin atá agat. 
 
[2 shatailít (DiSEqC Mini)]: Roghnaigh 
má tá dhá LNB agat. 
 
[3 nó 4 shatailít (DiSEqC 1.0)]: 
Roghnaigh i gcás 3 nó 4 LNB. 
 
[Aonchábla le haghaidh 1 satailít]: 
Roghnaigh má tá cumraíocht Aonchábla 
agat le satailít amháin. 
 
[Aonchábla le haghaidh 2 shatailít]: 
Roghnaigh má tá cumraíocht Aonchábla 
agat le 2 shatailít. 
 
 
Suiteáil láimhe 
Má gabhtar thar trasfhreagróir le linn na suiteála, 
is féidir neart comhartha trasfhreagróra a 
thástáil nó trasfhreagróir nua a chur leis. 
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh  . 
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardaigh 
satailít] > [Suiteáil láimhe], ansin brúigh OK. 
3. Roghnaigh an LNB. 
4. Más eol duit minicíocht an trasfhreagróra 
(a bhféadfadh níos mó ná cainéal amháin a 
bheith ar áireamh ann), roghnaigh 
[Minicíocht] agus socraigh an mhinicíocht. 
5. Roghnaigh [Cuardaigh], ansin brúigh OK. 
6. Má aimsítear minicíocht nua, brúigh 
[Stóráil] chun an trasfhreagóir nua agus a 
chainéil a chur leis. 
Tabhair cainéil satailíte chun dáta 
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh  . 
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardach 
satailíte] > [Nuashonraigh cainéil]. 
3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an 
tsuiteáil a chríochnú. 
4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Críochnaigh], 
agus ansin brúigh OK. 
 
Cuir satailítí leis agus bain satailítí 
Is féidir satailítí a chur leis uair ar bith nó iad 
a bhaint, agus cainéil ó shatailítí a shuiteáil. 
Nóta: Sula gcuireann tú satailítí leis, bí cinnte 
go bhfuil an cineál naisc ceart agat. Féach 
Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe 
Satailíte > Suiteáil cainéil satailíte (Lch 41). 
1. Brúigh  .  
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardach 
satailíte], ansin brúigh OK. 
3. Roghnaigh [Cuir satailít leis], ansin brúigh OK 
Cuardaíonn an teilifíseán le haghaidh satailíte 
ar an gcéad LNB saor. D'fhéadfadh sé cúpla 
nóiméad a thógáil. 
4. Mura n-aimsítear satailít ar bith, seiceáil 
ceangal na n-aeróg agus suíomh aeróg na 
méise, ansin roghnaigh [Cuardaigh arís]. 
5. Má tá tú sásta leis an satailít a chuir tú leis, 
roghnaigh [Ar aghaidh] chun gach cainéal a 
shuiteáil ón satailít. 
D'fhéadfadh an tsuiteáil cúpla nóiméad a thógáil. 
Bain satailít 
1. Brúigh  . 
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardaigh 
satailít] > [Bain satailít], ansin brúigh OK. 
3. Roghnaigh na satailítí is mian leat a bhaint, 
ansin roghnaigh [Bain] agus brúigh OK. 
 
Socruithe teanga 
Teanga roghchláir 
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh  . 
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe 
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Teanga 
roghchláir]. 
3. Roghnaigh teanga roghchláir ón liosta, 
ansin brúigh OK.