Philips 22PFH4109/88 사용자 설명서

다운로드
페이지 72
Cainéil a athainmniú
Is féidir leat cainéil a athainmniú i liosta na gcainéal.
1. Roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a athainmniú i gceann de
na liostaí cainéal.
2. Brúigh 
 OPTIONS.
3. Roghnaigh 
Athainmnigh agus brúigh OK. 
Cainéal a ghlasáil
Chun cosc a chur ar leanaí ó bheith ag féachaint ar chainéal nó
ar chlár, is féidir leat cainéil a ghlasáil nó cláir a bhfuil rátáil aoise
orthu a ghlasáil.
Cainéal a ghlasáil
 
 
Is féidir leat cainéal a ghlasáil chun cosc a chur ar leanaí féachaint
air. Ní mór duit an Cód glais leanaí a chur isteach chun féachaint
ar chainéal atá glasáilte. Ní féidir cláir a ghlasáil ó ghléasanna
nasctha.
Chun cainéal a ghlasáil . . .
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh 
 LIST chun
an 
Liosta cainéal a oscailt.
2. In aon cheann de na liostaí, roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é
a ghlasáil.
3. Brúigh 
 OPTIONS agus roghnaigh Glasáil cainéal. I liosta
cainéal, marcáltar cainéal glasáilte le glas 
.
Chun cainéal a díghlasáil, roghnaigh an cainéal atá glasáilte sa
liosta cainéal, brúigh 
 OPTIONS, agus roghnaigh Díghlasáil
cainéal. Beidh ort an Cód glais leanaí a chur isteach.
Rátáil tuismitheoirí
 
 
Is féidir leat rátáil aoise a úsáid chun leanaí a stopadh ó bheith ag
féachaint ar chlár nach bhfuil feiliúnach dá n-aois.
Tá rátáil aoise déanta ag roinnt craoltóirí ar a gcuid clár. Nuair
atá rátáil aoise cláir cothrom le nó níos airde ná an aois atá
socraithe agat mar rátáil aoise do do leanbh, glasálfar an clár.
Chun féachaint ar chlár atá glasáilte, ní mór duit an cód glais
leanaí a chur isteach. Tá an rátáil aoise tuismitheoirí socraithe do
gach cainéal.
Chun rátáil aoise a shocrú. . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh 
Socruithe cainéil > Glas leanaí > Rátáil
tuismitheora agus brúigh  OK.
3. Cuir isteach cód Glas leanaí le 4 digit agus dearbhaigh. Is féidir
leat rátáil aoise a shocrú anois.
4. Socraigh an aois agus brúigh 
OK.
5. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
6. Chun rátáil aoise tuismitheora a chasadh as, roghnaigh 
Gan
aon aoismar shocrú aoise.
Iarrfaidh an teilifís ort an cód a sholáthar chun an clár a
dhíghlasáil. I gcás roinnt craoltóirí / oibreoirí, ní chuireann an
teilifís glas ach ar chláir a bhfuil rátáil níos airde orthu.
Chun an cód glais a shocrú nó a athrú
 
 
Chun an cód glais a shocrú nó chun an cód reatha a athrú . . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh 
Socruithe cainéal > Glas leanaí > Athraigh cód
agus brúigh 
OK.
3. Má tá an cód socraithe cheana féin, cuir isteach an cód glais
leanaí atá ann faoi láthair agus ansin cuir isteach an cód nua faoi
dhó.
Tá an cód nua socraithe.
An bhfuil do chód dearmadtha agat?
 
 
Chun an cód glais leanaí a shárú má tá sé dearmadtha agat agus
ceann nua a chur isteach, cuir isteach 
8888.
Formáid pictiúir
Má tá barraí dubha le feiceáil ag barr agus ag bun an phictiúir nó
ar gach taobh de, is féidir leat an fhormáid pictiúir a choigeartú
go formáid pictiúir a líonann an scáileán.
Chun an fhormáid pictiúr a athrú . . .
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh 
 chun an
roghchlár 
Formáid pictiúir a oscailt.
2. Roghnaigh formáid ón liosta agus brúigh 
OK.
Tá an fhormáid seo a leanas in ann a bheith ar fáil ag brath ar an
bpictiúr ar an scáileán. . .
- Uathoibríoch
Athraigh an fhormáid pictiúir de réir na foinse ionchuir.
Ollzúmáil
Baineann sé na barraí dubha as ar thaobhanna craoltaí 4:3.
Déantar coigeartú ar an bpictiúr chun an scáileán a líonadh.
 - Fairsingiú scannán 16:9
Scála formáid 4:3 go 16:9. Ní mholtar do HD nó do PC é.
- Scáileán leathan
Síneann sé an pictiúr go formáid 16:9.
Neamhscálaithe
Mód sainiúil d'ionchur HD nó ríomhaire. Taispeáint picteilín ar
phicteilín. D'fhéadfadh barraí dubha a bheith le feiceáil i gcás
pictiúr ó ríomhaire.
- 4:3
Taispeáin an leagan amach caighdeánach 4:3.
Téacs / Teilithéacs
Leathanaigh téacs
Chun Téacs (Teilithéacs) a oscailt agus tú ag féachaint ar chainéil
teilifíse, brúigh 
TEXT.
Chun téacs a dhúnadh, brúigh TEXT arís.
18