Philips 22PFH4109/88 用户手册

下载
页码 72
Chun trasfhreagróir a shuiteáil. . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh 
Socruithe satailíte > Suiteáil cainéil > Suiteáil de
láimh agus brúigh OK.
3. Má tá níos mó ná 1 satailít suiteáilte agat, roghnaigh an
tsatailít/LNB a bhfuil uait cainéil a chur léi.
4. Socraigh an 
Polarú atá ag teastáil uait. Má shocraíonn tú an 
Mód ráta siombaile do De Láimh, is féidir leat an Ráta siombaile
a chur isteach de láimh. Cuir isteach an 
Mhinicíocht  agus cuir
tús leis an gcuardach don trasfhreagróir.
5. Má aimsítear trasfhreagróir, roghnaigh 
Stóráil agus brúigh OK
chun an trasfhreagróir nua a stóráil ar an LNB atá roghnaithe.
6. Roghnaigh 
Amach  chun suiteáil de láimh a fhágáil.
7.6
Fadhbanna le satailítí
Ní féidir leis an teilifís na satailítí atá uaim a aimsiú nó
suiteálann an teilifís an tsatailít chéanna faoi dhó
 
 
Cinntigh go bhfuil an líon ceart satailítí socraithe i Socruithe ag
tús na suiteála. Is féidir leat an teilifís a shocrú chun cuardach a
dhéanamh do hAon, Dó nó 3/4 shatailít.
Ní féidir le LNB déchnoga an dara satailít a aimsiú
 
 
 - Má aimsíonn an teilifís satailít amháin ach mura féidir léi an
dara ceann a aimsiú, cas an mhias cúpla céim. Ailínigh an mhias
chun an comhartha is treise a fháil don chéad satailít. Seiceáil
táscaire treise comhartha an chéad satailít ar an scáileán. Nuair
atá an chéad satailít socraithe ag an gcomhartha is treise,
roghnaigh Cuardaigh arís chun an dara satailít a aimsiú. Cinntigh
gur Dhá shatailít an socrú atá i socraithe.
Níor réitíodh m'fhadhb nuair a athraíodh na socruithe suiteála
 
- Ní stóráltar aon socrú, satailít nó cainéal go dtí deireadh na
suiteála nuair a chríochnaíonn tú.
Tá gach cainéal satailíte imithe.
 
 
- Má úsáideann tú córas Unicable, cinntigh go bhfuil uimhir banda
úsáideora uathúil sannta agat don ghlacadóir satailíte sna
socruithe Unicable. D'fhéadfadh sé go bhfuil glacadóir satailíte
eile ag baint úsáide as an uimhir banda úsáideora chéanna.
Tá an chosúlacht air go bhfuil roinnt cainéal satailíte imithe ó
liosta na gcainéal.
 
 
- Má tá an chosúlacht air go bhfuil roinnt cainéal imithe nó san
áit mhícheart, d'fhéadfadh suíomh trasfhreagróra na gcainéal sin a
bheith athraithe ag an gcraoltóir. Is féidir leat triail a bhaint as
nuashonrú ar an bpacáiste cainéal chun suíomhanna na gcainéal a
chur ar ais.
Ní féidir liom satailít a bhaint as
 
 
- Ní ligeann pacáistí suibscríbhinne duit satailít a bhaint as. Chun
an tsatailít a bhaint as, ní mór duit suiteáil iomlán a dhéanamh
arís agus pacáiste eile a roghnú.
Bíonn an ghlacacht lag ó am go chéile
 
 
- Cinntigh go bhfuil an mhias satailíte gléasta go daingean agat. Tá
gaotha láidre in ann an mhias a bhogadh.
- Tá sneachta agus báisteach in ann an glacadh a dhíghrádú.
30