Philips 65PFS6659/12 User Manual

Page of 103
25
Sábháilteacht agus
cúram
25.1
Sábháilteacht
Tábhachtach
Léigh agus tuig gach treoir sábháilteachta sula n-úsáidfidh tú an
teilifís. Má tharlaíonn díobháil mar nár leanadh treoracha, ní
bheidh feidhm ag an mbaránta.
Daingnigh an teilifís sa chaoi is nach dtitfidh
Úsáid an brac balla atá istigh leis an teilifís i gcónaí chun nach
dtitfidh an teilifís. Gléas an brac agus daingnigh an teilifís ar an
mbrac, fiú má chuireann tú an teilifís ar an urlár.
Is féidir leat na treoracha do ghléasadh balla a fháil sa Treoir
Mearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Sa chás go bhfuil an treoir
seo caillte agat, is féidir leat an treoir a íoslódáil ó 
Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a
dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Baol turrainge leictrí nó tine
• Ná nocht an teilifís don bháisteach nó d'uisce. Ná cuir soithí
ina mbíonn leachtanna, cosúil le vásaí, in aice leis an teilifís.
Má dhoirtear leachtanna ar an teilifís, nó isteach inti, dínasc an
teilifís ón asraon cumhachta láithreach.
Déan teagmháil le Cúram Custaiméirí Philips TV chun an teilifís a
sheiceáil sula n-úsáidfí í.
• Ná nocht an teilifís, an cianrialtán ná ceallraí go deo do theas
iomarcach. Ná cuir in aice le coinnle ar lasadh nó lasracha gan
chosaint iad, ná in aice le foinsí teasa iad, lena n-áirítear teas
díreach na gréine.
• Ná cuir aon rud isteach sna sliotáin aeraithe go deo, ná sna
hoscailtí eile ar an teilifís.
• Ná cuir rudaí troma go deo ar an seolán cumhachta.
• Ná bíodh aon neart á imirt ar na plugaí cumhachta. Tá plugaí
cumhachta scaoilte in ann a bheith ina n-údar do stuáil nó do
thine. Bí cinnte nach mbeidh aon straidhn ar an seolán
cumhachta nuair a sclóineann tú scáileán na teilifíse.
• Chun an teilifís a dínascadh ó chumhacht an phríomhlíonra, ní
mór pluga cumhachta na teilifíse a dínascadh. Nuair atá an
chumhacht a dínascadh agat, tarraing an pluga cumhachta i
gcónaí, ná tarraing an seolán go deo. Bí cinnte go bhfuil rochtain
iomlán agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta agus
ar an soicéad asraoin i gcónaí.
Baol gortuithe nó díobháil don teilifís
• Teastaíonn beirt chun teilifís atá níos troime ná 25 cileagram
nó 55 punt a iompar.
• Má ghléasann tú an teilifís ar sheastán, ná húsáid ach an seastán
a tháinig léi. Daingnigh an seastán leis an teilifís go maith.
Lonnaigh an teilifís ar dhromchla réidh cothrom atá in ann
glacadh le meáchan na teilifíse agus an seastáin.
• Nuair atá sé gléasta ar an mballa, bí cinnte go bhfuil an
gléasadh balla in ann meáchan na teilifíse a iompar go sábháilte.
Ní ghlacann TP Vision le haon fhreagracht as gléasadh balla
míchuí a mbeidh tionóisc, gortú nó damáiste mar thoradh air.
• Is as gloine atá píosaí den táirge déanta. Láimhseáil go
cúramach é chun gortú nó damáiste a sheachaint.
Baol damáiste don teilifís
 
 
Sula nascfaidh tú an teilifís leis an asraon cumhachta, cinntigh go
bhfuil an voltas cumhachta ag meaitseáil an luach atá priontáilte
ar chúl na teilifíse. Ná nasc an teilifís go deo leis an asraon
cumhachta má tá voltas éagsúil ann.
Baol gortuithe do pháistí
Lean na réamhchúraim seo chun nach mbeidh an teilifís ina údar
gortuithe do pháistí má thiteann sé ón seastán:
• Ná cuir an teilifís go deo ar dhromchla atá clúdaithe le héadach
nó le hábhar eile ar féidir é a tharraingt.
• Bí cinnte nach bhfuil aon chuid den teilifís ag gobadh amach
thar imeall an dromchla gléasta.
• Ná cuir an teilifís go deo ar throscán ard, cosúil le leabhragán,
gan an troscán agus an teilifís araon a bheith daingnithe don
bhalla nó do thaca feiliúnach.
• Labhair le leanaí faoi na contúirtí a bhaineann le bheith ag
dreapadóireacht ar throscán chun dul chomh fada leis an teilifís.
An baol a bhaineann le ceallraí a shlogadh
 
 
D'fhéadfadh ceallraí atá cosúil le boinn airgid a bheith sa
chianrialtán agus d'fhéadfadh leanaí óga iad a shlogadh go héasca.
Ná bíodh leanaí in ann rochtain a fháil ar na ceallraí seo go deo.
Baol róthéite
Ná cuir an teilifís go deo in áit a bhfuil an spás cúng ann. Bíodh
spás 20 ceintiméadar nó 4 orlach ar a laghad timpeall na teilifíse i
gcónaí le haghaidh aeraithe. Bí cinnte nach gclúdaíonn cuirtíní nó
rudaí eile sliotáin aeraithe na teilifíse.
95