Philips 65PFS6659/12 User Manual

Page of 103
Stoirmeacha tintrí
Dínasc an teilifís ón asraon cumhachta agus ón aeróg roimh
stoirmeacha tintrí.
Ná leag do lámh ar aon chuid den teilifís, an seológ cumhachta
nó cábla na haeróige i rith stoirmeacha tintrí.
Baol damáiste éisteachta
Ná húsáid cluasáin ar feadh tréimhsí fada nuair a bhíonn an
fhuaim an-ard agat.
Teochtaí ísle
Má iompraítear an teilifís nuair atá an teocht níos lú ná 5°C nó
41°F, díphacáil an teilifís agus fan go dtí go mbeidh teocht an
tseomra bainte amach ag an teilifís sula nascfaidh tú an teilifís leis
an asraon cumhachta.
Bogthaise
Tá sé in ann tarlú go hannamh, ag brath ar theocht agus ar
bhogthaise, go mbeidh mion-comhdhlúthú ar an taobh istigh
d'aghaidh ghloine na teilifíse (ar roinnt múnlaí). Chun é seo a
chosc, ná nocht an teilifís do sholas díreach na gréine, do theas
ná do an-bhogthaise. Má bhíonn comhdhlúthú ann, imeoidh sé
leis féin tar éis don teilifís a bheith air ar feadh roinnt uaireanta.
Ní dhéanfaidh taise an bhogthaise aon dochar don teilifís agus ní
bheidh sé ina údar mífheidhme.
25.2
Cúram scáileáin
• Ná bíodh aon rud i dteagmáil leis an scáileán agus ná húsáid
aon rud chun an scáileán a bhrú, a chuimilt nó a bhualadh.
• Bain amach pluga na teilifíse sula nglanann tú í.
• Glan an teilifís agus an fráma le ceirt bhog thais agus cuimil go
séimh í. Ná déan teagmháil leis na LEDanna Ambilight ar chúl na
teilifíse. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh nó glantóirí
tí ar an teilifís.
• Chun dífhoirmithe agus téaltú na ndathanna a sheachaint, glan
suas braonta uisce chomh tapaidh agus is féidir.
• Seachain íomhánna cónaitheacha a mhéid is mó is atá tú in
ann. Íomhánna a fhanann ar an scáileán ar feadh tréimhsí fada iad
íomhánna cónaitheacha. Áirítear le híomhánna cónaitheacha
roghchláir ar an scáileán, barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Má
chaitheann tú íomhánna cónaitheacha a úsáid, laghdaigh
codarsnacht agus gile an scáileán chun damáiste don scáileán a
sheachaint.
96