Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do
ghléas ach nasc DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI
agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm)
isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na
teilifíse.
 
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint
Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha
chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar
chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray.
Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach).
Y Pb Pr - Comhpháirt
Is nasc ardchaighdeánY Pb Pr - Fís Chomhpháirte.
Is féidir an nasc YPbPr a úsáid le haghaidh
comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Cuir isteach na
comharthaí Fuaime Clé agus Deas in aice leis na
comharthaí Y, Pb agus Pr.
Meaitseáil do dhathanna nascóra YPbPr (uaine, gorm,
dearg) leis na plugaí cábla nuair a nascann tú.
Úsáid cábla Fuaime Deas/Clé cinch má tá fuaim ag
do ghléas freisin.
SCART
Is nasc ar chaighdeán maith é SCART.
Is féidir an nasc SCART a úsáid le haghaidh
comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é a úsáid
le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Tá
comharthaí físe agus fuaime sa nasc SCART. Tacaíonn
an nasc SCART freisin le hathsheinm NTSC.
Fuaim Amach - Optúil
Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach -
Optúil.
Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a
iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ar do ghléas,
ar ghnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is
féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Fuaime
Isteach - Optúil ar an HTS. Seolann an nasc Fuaime
Amach - Optúil an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
Is féidir leat cineál an chomhartha fuaime amach a
shocrú chun dul in oiriúint do chumais fuaime do
Chóras Amharclainne Baile.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in  Cabhair, brúigh an
eochair datha 
 Eochairfhocail  agus déan
cuardach do  Shocruithe Fuaime Amach.
Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an
scáileán, is féidir leat an sioncronú fuaime go fís a
choigeartú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in  Cabhair, brúigh an
eochair datha 
 Eochairfhocail  agus déan
cuardach do  Sionc Fuaim le Fís.
16