Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
4.2
CAM le Cárta Cliste - CI+
CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag
oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann
oibritheoirí teilifíse na cláir seo agus díscrobhann
modúl CI+ réamhíoctha iad.
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag
an cláir seo.
Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le
haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus
coinníollacha.
Cárta Cliste
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar
an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1 -  Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach
le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach
mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don
CAM agus don teilifís.
2 -  Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus
aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go
réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.
3 -  Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh
sé. Fág sa sliotán go buan é. 
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt
nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an
CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na
táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne
éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil
scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste.
Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann
féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
Pasfhocail agus cóid PIN
Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt
CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a
shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an
cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís
a dhíghlasáil.
Chun an cód PIN a shocrú don CAM…
1 -  Brúigh 
 SOURCES .
2 -  Cliceáil ar an gcineál cainéil atá in úsáid agat don
CAM.
3 -  Brúigh 
 OPTIONS  agus roghnaigh Comhéadan
Coiteann.
4 -  Roghnaigh oibritheoir teilifíse an CAM. Is ón
oibritheoir teilifíse a thagann na scáileáin seo a
leanas. Lean na treoracha ar an scáileán chun an cód
PIN a fháil.
4.3
Glacadóir - Bosca Bairr
Bosca Cábla
Úsáid 2 cábla aeróige chun an aeróg a nascadh leis
an mBosca bairr (ar glacadóir digiteach é) agus an
teilifís.
Cuir isteach cábla HDMI in aice leis na naisc aeróige
chun an Bosca bairr a nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an mBosca bairr.
17