Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
• Logitech F710
• Logitech F510
• Xbox 360 Wireless Controller for Windows
• Speedlink Strike FX Wireless Gamepad
• Sony Play Station sreangaithe
• Mad Catz C.T.R.L. Ceap Stiúrtha Soghluaiste do
Android
• Ipega, PG-9023
• Ipega, PG-9025
• Ceap stiúrtha PhoneJoy
Fabhtcheartú
Chun trasnaíocht fhéideartha le gléasanna gan sreang
eile ar an teilifís a réiteach…
• Úsáid a seolán sínidh USB agus bog an
nanaghlacadóir thart ar 1 méadar ón teilifís.
• Mar rogha air sin, is féidir leat mol USB a bhfuil
cumhacht aige agus atá nasctha leis an teilifís a úsáid
agus na nanaghlacadóirí a phlugáil isteach sa mhol
USB.
4.12
Diosca Crua USB
A bhfuil de dhíth ort
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh
teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don
chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach
(craoladh DVB nó a mhacasamhail).
Chun craoladh a chur ar sos
 
 
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a
laghad 4GB de spás air.
Chun craoladh a thaifeadadh
 
 
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 250GB de spás
saor air. Má tá uait craoladh a thaifeadadh le sonraí
eolaire teilifíse ón Idirlíon, ní mór an nasc Idirlín a
bheith suiteáilte ar do theilifís sula suiteálann tú an
Diosca Crua USB.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi Diosca Crua
USB a shuiteáil, in  Cabhair, brúigh an eochair
datha 
 Eochairfhocail  agus déan cuardach do 
Diosca Crua USB, Suiteáil.
Suiteáil
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach
comhad ón Diosca Crua USB.
1 -  Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc 
USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt
USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2 -  Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3 -  Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse
digití, brúigh 
 (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht
é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú. 
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
Rabhadh:
 
 
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a
úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus
ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua
USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a
fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an
méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh
athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá
suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le
ríomhaire.
Formáidiú
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos nó a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach
comhad ón Diosca Crua USB. Má tá uait craoltaí a
thaifeadadh le sonraí ón Eolaire Teilifíse ón Idirlíon, ní
mór duit an nasc Idirlín a shuiteáil sula suiteálann tú
an Diosca Crua USB.
Rabhadh:
 
 
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a
úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus
ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua
USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a
23