Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an
méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh
athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá
suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le
ríomhaire.
Chun Diosca Crua USB a fhormáidiú…
1 -  Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc 
USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt
USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2 -  Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3 -  Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse
digití, brúigh 
 (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht
é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú. Lean na
treoracha ar an scáileán.
4 -  Fiafróidh an teilifís díot an bhfuil uait an Diosca
Crua USB a úsáid chun feidhmchláir a stóráil, aontaigh
leis an gceist más ea.
5 -  Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe,
fág nasctha go buan é. 
4.13
Méarchlár, nasc
Nasc
Nasc méarchlár USB (den chineál USB-HID) chun
téacs a chur isteach ar do theilifís.
Úsáid ceann de na naisc USB chun nascadh.
Cumraigh
Cas air an teilifís agus nasc an méarchlár USB le
ceann de na naisc USB ar an teilifís chun an méarchlár
USB a shuiteáil. Nuair a bhraitheann an teilifís an
méarchlár den chéad uair, is féidir leat leagan amach
do mhéarchláir a roghnú agus do rogha a thástáil. Má
roghnaíonn tú leagan amach méarchláir Choireallaigh
nó Ghréigise ar dtús, is féidir leat leagan amach
méarchláir Laidinigh a roghnú mar cheann
tánaisteach.
Chun socrú leagan amach an mhéarchláir a athrú
nuair a roghnaíodh leagan amach…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Socruithe Ginearálta agus
brúigh 
 (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 -  Roghnaigh  Socruithe Méarchláir USB  , agus
brúigh  OK chun tús a chur le suiteáil an mhéarchláir.
Eochracha Speisialta
Méaracha chun téacs a chur isteach
 
• Eochair iontrála = OK
• Cúlspás = scrios an carachtar roimh an gcursóir
• Méaracha saighde = bogadh laistigh de réimse téacs
• Chun athrú ó leagan amach méarchláir amháin go
ceann eile, má tá leagan amach tánaisteach
socraithe, brúigh na méaracha Ctrl + Spásbharra ag
an am céanna.
Eochracha d'fheidhmchláir agus do leathanaigh
Idirlín
 
• Táb agus Iomlaoid + Táb = Ar Aghaidh agus Siar
• Baile = scrollaigh go dtí barr an leathanaigh
• Deireadh = scrollaigh go dtí bun an leathanaigh
• Leathanach Suas = téigh leathanach amháin suas
• Leathanach Síos = téigh leathanach amháin síos
• + = zúmáil isteach céim amháin
• - = zúmáil amach céim amháin
• * = cuir an leathanach gréasáin in oiriúint do
leithead an scáileáin. 
4.14
Méaróg Chuimhne USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.
Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na
naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.
24