Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
1
Turas Teilifíse
1.1
Philips Android TV
Philips Android TV™ an teilifís seo.
Is féidir leat na mílte scannán, clár teilifíse agus
cluiche a fháil ar do Android TV ó Google Play,
YouTube agus ó na feidhmchláir is ansa leat.
Fágann cuardach gutha agus moltaí pearsantaithe go
bhfuil níos mó ama agat le haghaidh siamsaíochta
agus go mbeidh tú ag caitheamh níos lú ama i mbun
cuardaigh. Nuair atá Google Cast ionsuite, is féidir leat
scannán, cláir teilifíse agus grianghraif a theilgean ó
do Chromebook nó do ghléas Android go dtí do
theilifís.**
Nuair atá an Philips TV Remote App ar d'fhón cliste
nó do thaibléad, bíonn do chainéil teilifíse ar fáil agat
ar do chaoithiúlacht. Seol grianghraif chuig an
scáileán teilifíse mór nó féach ar an gclár cócaireachta
is ansa leat sa chistin ar do thaibléad. As seo amach,
is cuid de do theach soghluaiste do theilifís.
Nasc an teilifís le do líonra baile agus leis an Idirlíon.
*Ní mór don teilifís a bheith nasctha leis an
Idirlíon. D'fhéadfadh suibscríbhinní a bheith ag
teastáil do roinnt soláthróirí ábhair.
** Tá teilgean optamaithe do sheirbhísí faoi leith
amháin. D'fhéadfadh caighdeán an tsrutha i gcás
ábhar eile a bheith athraitheach. Is iad seo a leanas
na córais oibriúcháin agus na gléasanna a dtacaítear
leo: Android 2.3 agus níos airde, iOS® 7 agus níos
airde, Windows® 7 agus níos airde, Mac OS® 10.7 agus
níos airde agus Chrome OS (leagan 38 agus níos
airde).
Is trádmharcanna de chuid Google Inc Google,
Android, Google Play agus marcanna eile. Atáirgtear
nó mionathraítear an róbat Android ó obair atá
cruthaithe agus roinnte ag Google agus baintear úsáid
as de réir na dtéarmaí a bhfuil cur síos orthu sa
Creative Commons 3.0 Attribution License.
1.2
Feidhmchláir a úsáid
Tá roinnt Feidhmchlár praiticiúil réamhshuiteáilte ar
do theilifís mar thús.
Taispeánann na leathanaigh Feidhmchlár an
bailiúcháin Feidhmchlár ar do theilifís. Díreach cosúil
le Feidhmchláir ar d'fhón cliste nó do thaibléad,
tairgeann na Feidhmchláir ar do theilifís feidhmeanna
sonracha chun d'eispéireas teilifíse a shaibhriú.
Feidhmchláir cosúil le cluichí teilifíse nó tuartha
aimsire (i measc feidhmchlár eile). Nó oscail
Feidhmchlár Brabhsálaí Idirlín cosúil le Google
Chrome chun an tIdirlíon a scimeáil.
Chun tuilleadh eolais a fháil, i  Cabhair, brúigh an
eochair datha 
 Eochairfhocail   agus déan
cuardach doFeidhmchláir. 
1.3
Imirt Cluichí
Is í an teilifís seo an scáileán mór atá ag teastáil uait le
haghaidh cluichíochta. Tá sé sách mór do bheirt.
Is féidir leat cluiche a imirt ó Chonsól Cluiche nasctha,
ó Fheidhmchlár suiteáilte nó díreach cluiche ar líne ar
láithreán gréasáin. Is féidir leat an teilifís a athrú go
dtí na socruithe is fearr a fheileann do chluichíocht
chun gluaiseachtaí tapaidh a éascú. Má imríonn tú
cluiche il-imreora a bhfuil scáileáin roinnte i gceist, is
féidir leat an teilifís a shocrú chun gach scáileán a
thaispeáint mar scáileán iomlán ag an am céanna. Is
féidir le gach imreoir díriú ar imirt a chluiche féin.
1.4
Scannáin agus cláir a
cailleadh
Níl ort an teach a fhágáil chun scannán ar cíos a fháil.
 
Oscail Físeán ar Éileamh agus faigh an scannán is
déanaí ar do theilifís go díreach. Oscail an
Feidhmchlár siopa físeáin, cruthaigh do chuntas
pearsanta, roghnaigh an scannán agus brúigh seinn.
Tá Físeán ar Éileamh ar fáil i dtíortha faoi leith.
Chun tuilleadh eolais a fháil, i  Cabhair, brúigh an
eochair datha 
 Eochairfhocail   agus déan
cuardach doFíseán ar Éileamh.
1.5
Cuir teilifís ar sos agus
Taifeadtaí
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat
craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh ó chainéal
teilifíse digití.
Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach
bíodh briseadh agat i rith cluiche spóirt. Stórálann an
teilifís an craoladh ar an Diosca Crua USB agus is
féidir leat féachaint air arís níos deireanaí. 
Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat
4