Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat
taifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar chlár, nó clár
atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, i  Cabhair, brúigh an
eochair datha 
 Eochairfhocail   agus déan
cuardach doCuir teilifís ar sos nó Taifeadadh.
1.6
Fóin Chliste agus Táibléid
Is é an Philips TV Remote App do chara nua teilifíse.
Nuair atá an TV Remote App ar d'fhón cliste nó do
thaibléad, bíonn tú i gceannas ar na meáin atá
timpeall ort. Seol grianghraif, ceol nó físeáin chuig do
scáileán mór teilifíse nó féach ar aon cheann de do
chainéil teilifíse beo ar do thaibléad nó ar d'fhón.
Oscail an Eolaire Teilifíse agus sceidealaigh
taifeadadh d'amárach. Déanfaidh do theilifís sa bhaile
an jab duit. Cas air Ambilight+hue agus socraigh na
héifeachtaí datha is teolaí i do sheomra suite. Is tú atá
i gceannas leis an TV Remote App. B'fhéidir nach
ndéanfá ach airde fuaime na teilifíse a ísliú.
Íoslódáil an Philips TV Remote App ón siopa
feidhmchlár is ansa leat inniu.
Tá sé saor in aisce
Tá an Philips TV Remote App ar fáil do iOS agus
d'Android.
1.7
Líonraí Sóisialta
Ní gá duit éirí chun teachtaireachtaí ó do chara a
sheiceáil ar do ríomhaire.
Faigheann tú teachtaireachtaí ó do líonra sóisialta ar
do scáileán teilifíse. Is féidir leat teachtaireacht a
sheoladh ar ais agus tú i do shuí i do sheomra suite.
Chun tuilleadh eolais a fháil, i  Cabhair, brúigh an
eochair datha 
 Eochairfhocail   agus déan
cuardach doFeidhmchláir.
1.8
3D
Is Teilifís 3D do theilifís nua.
Bain taitneamh as an eispéireas tumthach atá i gceist
le féachaint ar scannán i 3D. Seinn scannán i 3D ar do
Sheinnteoir Blu-ray nó faigh scannán 3D ar cíos ó
Shiopa Físeáin ón roghchlár Baile, Físeán ar Éileamh.
Úsáideann an teilifís teicneolaíocht 3D Gníomhach
chun 3D a thaispeáint ag a taifeach iomlán.
Chun tuilleadh eolais a fháil, i  Cabhair, brúigh an
eochair datha  
Eochairfhocail agus déan
cuardach do   3D.
1.9
Ambilight
Is é Ambilight an ghné is grástúla agus is eisiaiche de
do theilifís Philips nua.
Luisne fhíneáilte solais daite atá ann a dhealraíonn ó
chúl an scáileáin, rud a chuireann le d'eispéireas
súl. Ligeann do chuid súile a scíth le Ambilight ach
bíonn d'intinn gafa go hiomlán lena bhfuil le feiceáil. 
Is féidir leat cur le Ambilight tuilleadh
le  Ambilight+hue. Tabhairt isteach bolgáin   Philips
Hue* a rialaítear gan sreang. Nuair a socraíonn tú iad,
líonfar do sheomra le dathanna a bheidh in oiriúint
don mhéid atá ar an teilifís.
Áireoidh tú uait Ambilight nuair a chasann tú as é.
* Díoltar astu féin iad.
1.10
Ambilight + Hue
Do theilifís Ambilight
Teicneolaíocht faoi leith atá in Ambilight Philips. Ní
hamháin go bhfeicfear duit go bhfuil do scáileán i
bhfad níos leithne, fágann sé go mbeidh eispéireas
súl níos tumthaí agat mar go gcaitheann sé luise
leathan amach as dá thaobh do theilifís ar na ballaí
atá timpeall uirthi. Bogann dathanna agus beocht
amach as an scáileán agus isteach i do sheomra suite
agus iad ag tabhairt leo eispéireas súl níos
aoibheallaí, níos déine agus níos tumthaí.
Ambilight  +  Hue
Líon do spás – agus do shaol – le hiontas Ambilight.
Ligeann Ambilight + hue* duit an t-eispéireas
Ambilight a leathnú ar fud do sheomra.
Is féidir leat cur le Ambilight tuilleadh
le  Ambilight+hue. Tabhairt isteach bolgáin   Philips
Hue* a rialaítear gan sreang. Nuair a socraíonn tú iad,
líonfar do sheomra le dathanna a bheidh in oiriúint
don mhéid atá ar an teilifís.
'Labhraíonn' do theilifís Ambilight agus na bolgáin lí le
chéile gan sreang, agus leis sin áireodh tú cumhacht
agus dath Ambilight i do thimpeall.
*Díoltar an trealamh lí as féin.
5