Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
18
Meáin
18.1
Ó Nasc USB
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghaif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg chuimhne USB nó
diosca crua USB nasctha.
Agus an teilifís casta air agat, plugáil isteach méaróg
chuimhne USB nó Diosca Crua USB i gceann de na
naisc USB. Braithfidh an teilifís an gléas agus
tabharfaidh sé liosta de do chomhaid Meán.
Mura dtaispeánfar an liosta comhad go uathoibríoch…
1 -  Brúigh 
  SOURCES, roghnaigh USB  agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh 
  Gléasanna USB agus
brúigh 
 (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3 -  Is féidir leat do chomhaid a bhrabhsáil sa
struchtúr fillteáin atá eagraithe agat ar an diosca.
4 -  Chun éirí as físeáin, grianghraif agus ceol a
sheinnt, brúigh 
  EXIT.
Rabhadh:
 
 
Má dhéanann tú iarracht clár a chur ar sos nó é a
thaifeadadh nuair atá Diosca Crua USB, iarrfaidh an
teilifís ort an Diosca Crua USB a fhormáidiú.
Scriosfaidh an formáidiú seo gach comhad reatha ar
an Diosca Crua USB.
18.2
Ó Ríomhaire nó NAS
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó ríomhaire nó ó NAS (Stórás
atá Ceangailte le Líonra) i do líonra baile.
Ní mór don teilifís agus don ríomhaire nó NAS a
bheith sa líonra baile céanna. Ní mór duit Bogearraí
Freastalaí Meán a shuiteáil ar do ríomhaire nó do
NAS. Ní mór do do Fhreastálaí Meán a bheith
socraithe chun comhaid a roinnt leis an teilifís.
Taispeánfaidh an teilifís do chomhaid agus d'fhillteáin
mar a eagraíonn an Freastálaí Meán iad nó mar atá
siad struchtúrtha ar do ríomhaire nó NAS. 
Ní thacaíonn an teilifís le fotheidil ar shruthanna físe ó
ríomhaire nó NAS.
Má thacaíonn an Freastálaí Meán le cuardach do
chomhaid, beidh réimse cuardaigh ar fáil.
Chun na comhaid ar do ríomhaire a bhrabhsáil nó a
sheinnt…
1 -  Brúigh 
  SOURCES, roghnaigh  
Líonra agus brúigh   OK.
2 -  Roghnaigh 
 Gléasanna SimplyShare   agus
brúigh 
 (deas) chun an gléas atá de dhíth ort a
roghnú.
3 -  Is féidir leat do chuid comhad a bhrabhsáil agus a
sheinnt.
4 -  Chun éirí as físeáin, grianghraif agus ceol a
sheinnt, brúigh 
  EXIT.
18.3
Ó Sheirbhís Stórála sa Néal
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó ceol nó
físeáin atá uaslódáilte agat ar sheirbhís stórála a
sheinnt sa néal ar líne*.
Leis an bhfeidhmchlár 
 Cloud Explorer  is féidir
leat nascadh le Seirbhísí Óstála sa Néal. Is féidir leat
do logáil isteach agus do phasfhocal a úsáid chun
nascadh.
1 -  Brúigh 
  HOME.
2 -  Scrolláil síos agus
roghnaigh 
 Feidhmchláir  >   Cloud
Explorer agus brúigh  OK.
3 -  Roghnaigh an tseirbhís óstála atá uait. 
4 -  Nasc agus sínigh isteach don tseirbhís óstála le
do logáil isteach agus do phasfhocal.
5 -  Roghnaigh an grianghraf nó an físeán a bhfuil uait
é a sheinnt agus brúigh  OK.
6 -  Brúigh 
 (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh 
  BACK chun an roghchlár a dhúnadh. 
* Seirbhís stórála cosúil le Dropbox™.
18.4
Seinn do chuid Físeán
Físeáin a Sheinnt
Braitheann an chaoi a n-osclaíonn tú do liosta
comhad meán ar an teilifís ar an gcineál gléis a bhfuil
na comhaid stóráilte air. Féach na caibidlí thuas.
Chun físeán a sheinnt ar an teilifís…
Roghnaigh 
 Físeáin , agus roghnaigh ainm an
chomhaid agus brúigh  OK.
• Chun an físeán a chur ar sos, brúigh OK. Brúigh OK
arís chun leanúint ar aghaidh.
• Chun atochrais nó mear-chasadh, brúigh 
 nó .
Brúigh na heochracha roinnt uaireanta chun an luas a
ardú - 2x, 4x, 8x, 16x, 32x.
• Chun léim chuig an chéad fhíseán eile i bhfillteán,
brúigh  OK chun é a chur ar sos agus
roghnaigh 
 ar an scáileán agus brúigh  OK.
• Chun athsheinnt an fhíseáin a stopadh, brúigh 
(Stop).
• Chun dul ar ais go dtí an fillteán, brúigh 
   BACK .
Barra Dul Chun Cinn
 
 
62