Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
Chun an barra dul chun cinn a thaispeáint nuair atá
físeán á sheinnt (suíomh seinnchnoga, fad, teideal,
dáta, etc.), brúigh 
 INFO .
Brúigh arís chun an t-eolas a chur i bhfolach.
Roghanna Físeáin
I rith athsheinnt an fhíseáin,
brúigh 
  OPTIONS chun…
• Marcáil mar Cheanán – Socraigh an físeán atá
roghnaithe mar cheanán.
• Seinn Gach Ceann – Seinn gach comhad físeáin san
fhillteán seo.
• Seinn Ceann Amháin – Seinn an físeán seo amháin.
• Fotheidil – Má tá siad ar fáil, is féidir leat fotheidil a
chasadh   Air,  As nó   Air i rith Balbhaithe .
• Teanga Fuaime – Má tá sí ar fáil, roghnaigh Teanga
Fuaime.
• Athsheinn go randamach – Seinn do chomhaid in
ord randamach.
• Athsheinn – Seinneann sé gach físeán san fhillteán
seo uair amháin nó go leanúnach.
18.5
Féach ar do chuid Grianghraif
Féach ar Ghrianghraif
Braitheann an chaoi a n-osclaíonn tú do liosta
comhad meán ar an teilifís ar an gcineál gléis a bhfuil
na comhaid stóráilte air. Féach na caibidlí thuas.
Chun féachaint ar gach grianghraif ar an teilifís…
Roghnaigh 
 Grianghraif , agus roghnaigh  Gach
Ceann agus brúigh  OK.
Chun féachaint ar ghrianghraif ar an teilifís…
Roghnaigh 
 Grianghraif  , agus roghnaigh ainm an
chomhaid agus brúigh  OK.
Chun taispeántas sleamhnán a thosú ar an teilifís…
Má tá go leor grianghraf i bhfillteán, is féidir leat
taispeántas sleamhnán a thosú.
Chun taispeántas sleamhnán a thosú…
1 -  Roghnaigh an fillteán a bhfuil na grianghraif ann.
2 -  Brúigh an eochair datha 
 Taispeántas
Sleamhnán.
• Chun léim go dtí an chéad ghrianghraif eile nó an
ceann roimhe sin, brúigh 
 (deas - an chéad
cheann eile) nó  
 (clé - an ceann roimhe sin).
• Chun an taispeántas sleamhnán a chur ar sos,
brúigh  OK. Chun tosú arís, brúigh  OK arís.
• Chun an taispeántas sleamhnán a stopadh,
brúigh  OK agus brúigh 
  BACK.
Eolas
 
Chun féachaint ar eolas maidir le grianghraf, (méid,
dáta cruthaithe, cosán comhad, srl.), roghnaigh
grianghraf agus brúigh 
 INFO .
Brúigh arís chun an t-eolas a chur i bhfolach.
Taispeántas Sleamhnán le Ceol
Is féidir leat féachaint ar thaispeántas sleamhnán de
do ghrianghraif agus éisteacht le do cheol ag an am
céanna. Ní mór an ceol a thosú sula dtosóidh tú an
taispeántas sleamhnán de do ghrianghraif.
Chun ceol a sheinnt leis an taispeántas sleamhnán…
1 -  Roghnaigh amhrán nó fillteán a bhfuil amhráin
ann agus brúigh OK.
2 -  Brúigh 
  INFO chun faisnéis comhaid agus an
barra dul chun cinn a cheilt.
3 -  Brúigh 
  BACK.
4 -  Úsáid na saigheada nascleanúna anois chun an
fillteán a bhfuil na grianghraif ann a roghnú.
5 -  Roghnaigh an fillteán leis na grianghraif agus
brúigh 
 Taispeántas Sleamhnán .
6 -  Chun an taispeántas sleamhnán a stopadh,
brúigh 
  BACK.
Roghanna Grianghraif
Nuair atá grianghraif ar an scáileán,
brúigh 
  OPTIONS chun…
• Marcáil mar Cheanán – Socraigh an grianghraif atá
roghnaithe mar cheanán.
• Taispeántas sleamhnán – Taispeánann sé
grianghraif ceann i ndiaidh a chéile.
• Rothlaigh – Rothlaigh an grianghraf go tírdhreach nó
go portráid.
• Athsheinn go randamach – Seinn do chomhaid in
ord randamach.
• Seinn arís – Seinn an taispeántas sleamhnán uair
amháin nó go leanúnach.
• Stop Ceol – Stop an ceol atá á sheinnt sa chúlra.
• Luas an Taispeántais Sleamhnán – Socraigh luas
an taispeántais sleamhnán.
• Trasdul an Taispeántais Sleamhnán – Socraigh stíl
na dtrasdulta grianghraif.
63