Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
2.3
Leideanna maidir le Láithriú
• Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go
díreach ar an scáileán.
• Ísligh an solas sa seomra chun na dálaí is fearr a fháil
don éifeacht Ambilight.
• Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.
• Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an
teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an
scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh
do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin. 
2.4
Cábla Cumhachta
• Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER
ar chúl na teilifíse.
• Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha
isteach go daingean sa nascóir.
• Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an
bpluga cumhachta sa soicéad balla.
• Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta,
tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go
deo. 
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal
ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain
amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a
shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh
tréimhse fada.
Chun tuilleadh eolais a fháil, i  Cabhair, brúigh an
eochair datha 
  Eochairfhocail agus déan cuardach
do Casadh air chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi
an teilifís a chasadh air agus as.
2.5
Cábla na hAeróige
Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa
soicéad Aeróige ar chúl na teilifíse.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a
dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte
aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir
DVB-T agus DVB-C.
8