Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
3
Nasc do Android TV
3.1
Líonra agus Idirlíon
Líonra Baile
Ní mór do do theilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon
chun leas a bhaint as cumais iomlána an Philips
Android TV.
Nasc an teilifís le líonra baile a bhfuil nasc ardluais
don Idirlíon aige. Is féidir leat do theilifís a nascadh le
do ródaire líonra gan sreang nó sreangaithe.
Nasc le Líonra
Nasc gan Sreang
A bhfuil de dhíth ort
Teastaíonn ródaire Wi-Fi a bhfuil nasc don Idirlíon
aige chun an teilifís a nascadh leis an Idirlíon gan
sreang.
Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) leis an Idirlíon.
Déan an Nasc
Gan sreang
Chun nasc gan sreang a dhéanamh…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh   Gan sreang agus Líonraí agus
brúigh 
 (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 -  Roghnaigh  Sreangaithe nó Wi-Fi >  Nasc le
Líonra agus brúigh  OK.
4 -  Roghnaigh Gan sreang agus brúigh  OK.
5 -  Cliceáil ar do líonra gan sreang sa liosta de na
líonraí a aimsíodh. Mura bhfuil do líonra sa liosta mar
go bhfuil ainm an líonra i bhfolach (chas tú as
craoladh SSID an ródaire), roghnaigh Cuir Líonra Nua
leis an liosta chun ainm an líonra a chur isteach tú
féin.
6 -  Ag brath ar chineál an ródaire, cuir isteach
d'eochair criptithe - WEP, WPA nó WPA2. Más rud é
gur chuir tú isteach an eochair chriptithe don líonra
seo cheana féin, is féidir leat OK a chliceáil chun an
nasc a dhéanamh láithreach.
7 -  Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an
nasc.
WPS
Má tá WPS ag do ródaire, is féidir leat nascadh leis an
ródaire go díreach gan scanadh a dhéanamh do
líonraí. Má tá gléasanna agat i do líonra gan sreang a
úsáideann an córas slándála criptithe WEP, ní féidir
leat WPS a úsáid.
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Gan sreang agus Líonraí agus
brúigh 
 (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 -  Roghnaigh  Sreangaithe nó Wi-Fi >  Nasc le
Líonra agus brúigh  OK.
4 -  Roghnaigh WPS agus ansin brúigh  OK.
5 -  Téigh go dtí an ródaire, brúigh an cnaipe WPS
agus téigh ar ais go dtí an teilifís laistigh de 2
nóiméad.
6 -  Cliceáil   Nasc chun an nasc a dhéanamh.
7 -  Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an
nasc.
WPS le cód PIN
Má tá WPS a bhfuil cód PIN air ag do ródaire, is féidir
leat nascadh go díreach leis an ródaire gan scanadh a
dhéanamh do líonraí. Má tá gléasanna agat i do líonra
gan sreang a úsáideann an córas slándála criptithe
WEP, ní féidir leat WPS a úsáid.
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Gan sreang agus Líonraí agus
brúigh 
 (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 -  Roghnaigh  Sreangaithe nó Wi-Fi >  Nasc le
Líonra agus brúigh  OK.
4 -  Roghnaigh  WPS le cód PIN agus brúigh  OK.
5 -  Scríobh síos an cód PIN a bhfuil 8 digit ann atá ar
taispeáint ar an scáileán agus cuir isteach i
mbogearraí an ródaire ar do ríomhaire é. Faigh
comhairle ó threoirleabhar an ródaire faoin áit a bhfuil
an cód PIN le cur isteach i mbogearraí an ródaire.
6 -  Cliceáil   Nasc chun an nasc a dhéanamh.
7 -  Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an
nasc.
9