Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
cuardach do CAM, Modúl Rochtana Coinníollaí.
Caighdeán Glacachta
Is féidir leat caighdéan agus neart comhartha chainéil
dhigitigh a sheiceáil. Má tá d'aeróg féin agat, is féidir
leat triail a bhaint as suíomh na haeróige a athrú chun
an ghlacacht a fheabhsú.
Chun caighdeán glacachta chainéil dhigitigh a
sheiceáil…
1 -  Tiúnáil don chainéal.
2 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
3 -  Roghnaigh  Cainéil >  Suiteáil
Aeróige/Cábla agus brúigh  OK. Cuir isteach do chód
PIN más gá.
4 -  Roghnaigh  Digiteach: Tástáil Glacachta  agus
brúigh  OK.
5 -  Roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK
. Taispeánfar an mhinicíocht dhigiteach don chainéal
seo.
6 -  Roghnaigh  Cuardaigh arís agus
brúigh  OK chun caighdeán comhartha na
minicíochta a sheiceáil. Taispeánfar toradh na tástála
ar an scáileán. Is féidir leat suíomh na haeróige a
athrú nó na naisc a sheiceáil chun an ghlacacht a
fheabhsú.
7 -  Is féidir leat freisin an mhinicíocht a athrú tú
féin. Roghnaigh an uimhir minicíochta ceann i
ndiaidh a chéeile agus úsáid na
heochracha 
 (suas) nó   (síos) chun an luach a
athrú. Roghnaigh  Cuardaigh agus brúigh  OK chun
an ghlacacht a thástáil arís.
8 -  Brúigh 
 (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Suiteáil de Láimh
Is féidir cainéil teilifíse analógacha a shuiteáil de
láimh, cainéal i ndiaidh cainéil.
Chun cainéil analógacha a shuiteáil de láimh…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Cainéil >  Suiteáil
Aeróige/Cábla agus brúigh  OK. Cuir isteach do chód
PIN más gá.
3 -  Roghnaigh  Analógach: Suiteáil de láimh agus
brúigh  OK. 
•  Córas
Roghnaigh Córas chun an córas teilifíse a shuiteáil.
Roghnaigh do thír nó an chuid sin den domhan a
bhfuil tú anois inti agus brúigh  OK.
•  Déan Cuardach do Chainéal
Chun cainéal a aimsiú, roghnaigh  Cuardaigh
Cainéal agus brúigh  OK. Is féidir leat minicíocht a
chur isteach tú féin chun cainéal a aimsiú nó ligint
don teilifís cuardach a dhéanamh don chainéal.
Brúigh 
 (deas) chun  Cuardaigh a roghnú agus
brúigh  OK chun cuardach a dhéanamh do chainéal
go huathoibríoch. Taispeánfar an cainéal a aimseofar
ar an scáileán agus má tá an ghlacacht go dona,
brúigh  Cuardaigh arís. Má tá uait an cainéal a stóráil,
roghnaigh Déanta agus brúigh OK.
•  Stóráil
Is féidir leat an cainéal a stóráil ar uimhir an chainéil
reatha nó mar uimhir cainéil nua.
Roghnaigh  Stóráil Cainéal Reatha nó   Stóráil mar
Cainéal Nua agus brúigh  OK. Taispeánfar an uimhir
nua cainéal. 
Is féidir leat na céimeanna seo a dhéanamh arís agus
arís eile go dtí go bhfuil gach cainéal teilifíse
analógach aimsithe agat.
26.2
Cóipeáil Liosta Cainéal
Réamheolas
Is do dhíoltóirí agus do shainúsáideoirí amháin atá
Cóipeáil Liosta Cainéal beartaithe.
Is féidir leat na cainéil atá suiteáilte ar theilifís amháin
a chóipeáil go dtí teilifís Philips eile den déanamh
céanna le Cóipeáil Liosta Cainéal. Seachnaíonn tú
cuardach cainéal fada trí liosta cainéal atá
réamhshainithe a uaslódáil le Cóipeáil Liosta Cainéal.
Úsáid méaróg chuimhne USB a bhfuil ar a laghad 1 GB
de spás saor uirthi.
Coinníollacha
 
• Is ón raon bliana céanna an dá teilifís.
• Tá an cineál crua-earraí céanna ag an dá teilifís.
Féach ar an gcineál crua-earraí ar chlár chineál na
teilifíse ar chúl na teilifíse. Go hiondúil, Q atá ann. . .
LA
• Tá leaganacha bogearraí ag an dá theilifís atá
comhoiriúnach.
Leagan bogearraí reatha
 
 
Chun leagan reatha na teilifíse a sheiceáil…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Nuashonraigh Bogearraí agus
brúigh 
 (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 -  Roghnaigh   Eolas faoi Bhogearraí
Reatha   agus brúigh  OK.
4 -  Taispeánfar an leagan, na nótaí eisithe agus an
dáta cruthaithe. Taispeánfar an Uimhir ESN Netflix
freisin má tá sé ar fáil.
5 -  Brúigh 
 (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
97