Philips 40PFT6550/12 Manuel D’Utilisation

Page de 117
27
Bogearaí
27.1
Nuashonrú Bogearraí
Nuashonrú ón Idirlíon
Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, d'fhéadfá
teachtaireacht a fháil chun bogearraí na teilifíse a
nuashonrú. Teastaíonn nasc ardluais (leathanbhanda)
leis an Idirlíon. Má fhaigheann tú an teachtaireacht
seo, molaimid go ndéanfá an nuashonrú.
Nuair atá an teachtaireacht ar an scáileán, roghnaigh 
Nuashonraigh agus lean na treoracha ar an scáileán.
Is féidir leat cuardach a dhéanamh do nuashonrú
bogearraí tú féin.
Níl aon phictiúr i rith an nuashonraithe bogearraí agus
casfar an teilifís as agus air arís. D'fhéadfadh sé sin
tarlú roinnt uaireanta. D'fhéadfadh an nuashonrú
roinnt nóiméad a thógáil. Fan go dtí go dtiocfaidh
pictiúr na teilifíse ar ais. Ná brúigh an lasc
cumhachta 
 ar an teilifís nó ar an gcianrialtán i rith
an nuashonruithe bogearraí.
Chun cuardach a dhéanamh do nuashonrú bogearraí
tú féin…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Nuashonraigh Bogearraí >  Déan
Cuardach do Nuashonruithe agus brúigh  OK.
3 -  Roghnaigh Idirlíon agus brúigh  OK.
4 -  Déanfaidh an teilifís cuardach do nuashonrú ar
an Idirlíon.
5 -  Má tá nuashonrú ar fáil, is féidir leat na bogearraí
a nuashonrú láithreach.
6 -  D'fhéadfadh nuashonrú bogearraí roinnt
nóiméad a thógáil. Ná brúigh an eochair 
 ar an
teilifís ná ar an gcianrialtán.
7 -  Nuair atá an nuashonrú déanta, fillfidh an teilifís
ar an gcainéal a raibh tú ag féachaint air.
Nuashonraigh ó USB
D'fhéadfadh sé a bheith riachtanach bogearraí na
teilifíse a nuashonrú. Teastaíonn ríomhaire uait le
nasc ardluais don Idirlíon agus méaróg chuimhne USB
chun na bogearraí a uaslódáil ar an teilifís. Úsáid
méaróg chuimhne USB a bhfuil 500MB de spás saor
air. Bí cinnte go bhfuil cosaint ar scríobh casta as.
Chun bogearraí na teilifíse a nuashonrú…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Nuashonraigh Bogearraí >  Déan
Cuardach do Nuashonruithe agus brúigh  OK.
3 -  Roghnaigh USB agus brúigh  OK.
Aithin an teilifís
 
1 -  Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach i gceann
de na naisc USB ar an teilifís.
2 -  Roghnaigh  Scríobh chuig USB agus brúigh  OK.
Scríobhtar comhaid aitheantais ar an méaróg
chuimhne USB.
Íoslódáil na bogearraí
 
1 -  Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach i do
ríomhaire.
2 -  Aimsigh an comhad update.htm ar an méaróg
chuimhne USB agus cliceáil faoi dhó air.
3 -  Cliceáil  Seol ID.
4 -  Má tá bogearraí nua ar fáil, íoslódáil an comhad
.zip.
5 -  I ndiaidh na híoslódála, dízipeáil an comhad agus
cóipeáil an comhad  autorun.upg go dtí an mhéaróg
chuimhne USB. Ná cuir an comhad seo i bhfillteán.
Nuashonraigh bogearraí na teilifíse
 
1 -  Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach sa teilifís
arís. Tosaíonn an nuashonrú go huathoibríoch.
2 -  D'fhéadfadh nuashonrú bogearraí roinnt nóiméad
a thógáil. Ná brúigh an eochair 
 ar an teilifís ná ar
an gcianrialtán. Ná bain amach an mhéaróg chuimhne
USB.
3 -  Nuair atá an nuashonrú déanta, fillfidh an teilifís
ar an gcainéal a raibh tú ag féachaint air. 
Má chliseann ar an gcumhacht i rith an nuashonraithe,
ná bain as an mhéaróg chuimhne USB ón teilifís go
deo. Nuair a thiocfaidh an chumhacht ar ais, leanfaidh
an nuashonrú ar aghaidh.
Scrios an comhad autorun.upg ón méaróg chuimhne
USB chun nuashonrú tionóisceach bhogearraí na
teilifíse a chosc.
27.2
Leagan Bogearraí
Chun féachaint ar leagan reatha na mbogearraí
teilifíse…
1 -  Brúigh 
, roghnaigh  Gach socrú agus
brúigh  OK.
2 -  Roghnaigh  Nuashonraigh Bogearraí >  Eolas
faoi Bhogearraí Reatha agus brúigh  OK.
3 -  Taispeánfar an leagan, na nótaí eisithe agus an
dáta cruthaithe. Taispeánfar an Uimhir ESN Netflix
freisin má tá sé ar fáil.
4 -  Brúigh 
 (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
99