Philips 55PUT4900/12 Manual Do Utilizador

Página de 67
11
Naisc, Liosta
11.1
Athraigh go gléas
Sa liosta nasc - an roghchlár Foinse - is féidir leat na
gléasanna atá nasctha leis an teilifís a aimsiú. Is féidir
leat athrú go dtí gléas ón Roghchlár foinse seo.
An roghchlár Foinsí
 
 
Chun an roghchlár Foinsí a oscailt, brúigh 
 SOURCES .
Chun athrú go dtí gléas nasctha, roghnaigh an gléas
leis na saigheada 
 (clé) nó  (deas) agus brúigh OK.
Chun an roghchlár Foinse a dhúnadh gan athrú go dtí
gléas, brúigh 
 SOURCES arís.
11.2
Ó fhuireachas
Nuair atá an teilifís ar fuireachas, is féidir leat gléas
nasctha a chasadh air le cianrialtán do theilifíse.
Seinn
 
 
Chun an seinnteoir diosca agus an teilifís araon a
chasadh air ó fhuireachas agus tosú ag seinnt an
diosca nó an chláir láithreach, brúigh 
 (seinn) ar
chianrialtán na teilifíse.
Ba cheart go mbeadh an gléas nasctha le cábla HDMI
agus ba cheart go mbeadh HDMI CEC casta air ar an
teilifís agus ar an ngléas araon.
Córas Amharclainne Baile
Is féidir leat do Chóras Amharclainne Baile a chasadh
air chun éisteacht le diosca fuaime nó le cainéal raidió
agus an teilifís a fhágáil ar fuireachas.
Chun an Córas Amharclainne Baile a chasadh air leis
féin agus an teilifís a fhágáil ar fuireachas, brúigh 
 SOURCES  ar chianrialtán na teilifíse.
11.3
EasyLink
Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na
teilifíse le EasyLink. Baineann EasyLink úsáid as HDMI
CEC chun cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna
nasctha. Ní mór do ghléasanna tacú le HDMI CEC
agus a bheith nasctha le nasc HDMI.
 
40