Philips 55PUT4900/12 Manual Do Utilizador

Página de 67
12
Uaineadóirí agus
clog
12.1
Uaineadóir codlata
Is féidir leat an teilifís a shocrú chun athrú go dtí an
staid fuireachais go huathoibríoch tar éis tréimhse
ama shainiúil leis an Amadóir Codlata.
Chun an t-uaineadóir codlata a shocrú. . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta
> Uaineadóir codlata.
Is féidir leat an t-am a shocrú ar feadh suas le 180
nóiméad in eatraimh de 5 nóiméad leis an mbarra
sleamhnáin. Má shocraíonn tú an t-uaineadóir
codlata go 0 nóiméad, castar as é. Is féidir leat i
gcónaí do theilifís a chasadh as níos luaithe nó an t-
am a athshocrú i rith an chomhairimh.
3. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
12.2
Clog
Chun an t-am a fháil, brúigh 
  TV GUIDE chun an t-
am a fháil san eolaire teilifíse.
I roinnt tíortha, ní sheolann craoltaí digiteacha eolas
UTC - Am Uilíoch Lárnach. D'fhéadfaí
neamhaird a dhéanamh d'Am Coigilte Sholas
an Lae agus d'fhéadfadh an teilifís am mícheart
a thaispeáint.
Chun clog na teilifíse a cheartú. . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta
> Clog >  Mód uath-chloig agus roghnaigh Ag brath
ar an tír.
3. Roghnaigh Am coigilte sholas an lae agus
roghnaigh an socrú cuí.
12.3
Uath-Chasadh as
Mura mbrúfaidh tú aon eochair ar an gcianrialtán i rith
thréimhse 4 huaire, nó mura bhfaigheann an teilifís
aon chomhartha ionchuir ná orduithe ón gcianrialtán
ar feadh 10 nóiméad, casann an teilifís as go
huathoibríoch chun fuinneamh a choigilt.
Má úsáideann tú an teilifís mar mhonatóir nó má
úsáideann tú glacadóir digiteach chun féachaint ar an
teilifís (Bosca bairr - STB) agus mura n-úsáideann tú
cianrialtán na teilifíse, ba cheart duit an socrú chun an
gléas a chasadh as go huathoibríoch a
díghníomhachtú.
Chun an Uath-Chasadh as a dhíghníomhachtú . . . . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta
> Uath-Chasadh as agus athraigh an barra
sleamhnáin go 0 (As).
3. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
 
41