Philips 22PFH4109/88 User Manual

Page of 72
7
Cainéil satailíte
7.1
Ag féachaint ar chainéil satailíte
- Do theilifíseanna a bhfuil tiúnóir satailíte ionsuite acu.
Chun féachaint ar chainéil satailíte . . .
Brúigh 
 agus roghnaigh Satailít agus brúigh OK. Tiúintear an
teilifís don chainéal satailíte ar fhéach tú air go deireanach.
Athraigh cainéal
 
 
Chun cainéil a athrú, brúigh 
 + nó- . Tiúnfaidh an teilifís go
dtí an chéad chainéal eile sa liosta cainéal atá roghnaithe. Má tú
uimhir an chainéil ar eolas agat, is féidir leat na heochracha
uimhreach ar an gcianrialtán a úsáid. Chun athrú ar ais go dtí an
cainéal a bhí tiúnáilte roimhe sin, brúigh 
.
Is féidir leat freisin tiúnáil go dtí cainéal go díreach ón liosta
cainéal Satailíte.
7.2
Liosta cainéal satatilíte
Maidir leis an liosta cainéal
Nuair atá an tsuiteáil satailíte déanta, cuirtear gach cainéal
satailíte sa liosta cainéal. Is féidir leat féachaint ar liosta na
gcainéal uile nó an liosta a scagadh chun na cainéil ceanáin a
thaispeáint nó díreach na stáisiúin raidió amháin. Nó is féidir leat
na cainéil a aimsiú atá curtha leis an liosta den chéad uair tar éis
nuashonrú cainéal.
Is féidir leat tiúnáil go dtí cainéal go díreach ó liosta ar bith.
Cinneann an liosta a roghnaíonn tú sa liosta cainéal na cainéil ar
féidir leat iad a tiúnáil leis na heochracha 
 + agus  -.
Ní féidir leat ach cainéil ó liosta na gcainéal ceanán a athordú.
Roghnaigh scagaire liosta
Cinneann an liosta a roghnaíonn tú sa liosta cainéal na cainéil ar
féidir leat iad a tiúnáil leis na heochracha 
 + agus  .
Chun liosta cainéal a roghnú. . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Satellite agus brúigh OK.
2. Brúigh 
 LIST chun an liosta cainéal a oscailt. Taispeántar an
liosta agus beidh an cainéal reatha roghnaithe.
3. Gabh suas chun 
Gach ceann a roghnú nó scagaire liosta 
Ceanáin Raidió, Teilifís nó Nua.
Roghanna liosta cainéal
Chun na roghanna liosta cainéal ar an gcainéal reatha a fheiceáil. .
.
1. Nuair atá an liosta Gach cainéal ar an scáileán, roghnaigh
cainéal agus brúigh 
 OPTIONS.
2. Roghnaigh an rogha atá uait agus brúigh 
OK.
Na roghanna atá ar fáil do chainéil satailíte. . .
- Satailít
Scag an liosta cainéal chun díreach cainéil a bhaineann le satailít
ar leith a thaispeáint nó taispeáin cainéil gach satailít.
- Saor/Scrofa
Scag an liosta cainéal chun díreach na cainéil atá saor a
thaispeáint, díreach na cainéil scrofa nó an dá chineál. Bíonn
cainéil scrofa marcáilte le heochair 
.
- Glasáil
Is féidir leat cainéal a ghlasáil. Roghnaigh cainéal sa liosta ar dtús,
brúigh 
 OPTIONS agus roghnaigh Glasáil. Beidh ort an cód
glais leanaí a bhfuil 4 digit ann a chur isteach. Bíonn cainéail
glasáilte marcáilte le glas
.
- Díghlasáil
Chun cainéal atá glasáilte a dhíghlasáil. Roghnaigh cainéal glasáilte
sa liosta, brúigh 
 OPTIONS agus roghnaigh Díghlasáil. Beidh
ort an cód glais leanaí a bhfuil 4 digit ann a chur isteach.
Cóipeáil liosta cainéal
Is do dhíoltóirí agus do shainúsáideoirí atá 
Cóipeáil liosta cainéal
beartaithe. Is féidir leat na cainéil atá suiteáilte ar theilifís amháin
a chóipeáil go dtí teilifís Philips eile den déanamh céanna le
Cóipeáil liosta cainéal. Cóipeálfaidh Cóipeáil liosta cainéal cainéil
trastíre agus satailíte araon.
 
7.3
Cainéil Satailíte Ceanán
Cainéil ceanán
Is féidir leat cainéil a mharcáil mar chainéil ceanán. Bailítear do
chainéil satailíte ceanáin le chéile i liosta 
Ceanáin an liosta cainéal
satailíte.
Ag féachaint ar chainéil ceanán
 
 
Socraigh liosta cainéal ceanáin chun athrú go héasca idir na
cáinéil a bhfuil uait féachaint orthu. Is féidir leat cainéil a athordú
mar is mian leat sa liosta seo amháin.
Chun athrú díreach idir do chainéil ceanáin amháin le 
 + agus 
 -, roghnaigh an liosta Ceanáin sa liosta cainéal agus dún an
liosta cainéal arís.
25