Philips 22PFH4109/88 User Manual

Page of 72
Tá dhá liosta ceanán ann, ceann amháin do chainéil teilifíse agus
ceann do chainéil satailíte.
Socraigh do liosta cainéal ceanán
Chun liosta na gcainéal is fearr leat a chumadh. . .
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh 
 LIST chun an liosta
cainéal a oscailt.
2. Roghnaigh an liosta 
Ceanáin.
3. Iarrfaidh an teilifís ort tosú ag cur cainéil leis an liosta
láithreach. Brúigh 
OK. Chun go leor athordaithe a sheachaint
níos deireanaí, roghnaigh na cainéil san ord a bhfuil siad uait sa
liosta.
4. Chun cainéal a chur leis an liosta cainéal ceanán, roghnaigh an
cainéal agus brúigh 
OK. Is féidir leat cainéal eile a roghnú ansin
chun é a chur leis an liosta ceanán.
5. Brúigh 
 chun críochnú.
Cainéil ceanán a chur leis an liosta nó a
bhaint as
Chun cainéil a chur leis an liosta ceanán nó a bhaint as . . .
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh  
 
 LISTchun
an liosta cainéal a oscailt.
2. Roghnaigh an cainéal atá le marcáil mar cheanán agus
brúigh 
 OPTIONS.
3. Roghnaigh 
Cuir le ceanáin agus brúigh OK. Marcálfar an
cainéal atá roghnaithe le 
.
4. Brúigh 
 chun críochnú. Cuirtear na cainéil le liosta na
gCeanán.
Chun cainéil a bhaint as an liosta ceanán, roghnaigh 
Bain as
ceanáin agus brúigh OK.
Ord na gcainéal ceanán a athrú
Ní féidir leat ach cainéil sa liosta Ceanán a athordú.
1. Sa liosta ceanán 
Gach cainéal, roghnaigh an cainéal a bhfuil
uait é a athrú go suíomh nua.
2. Brúigh 
 OPTIONS.
3. Roghnaigh 
Athordaigh agus brúigh OK.
4. Roghnaigh an cainéal atá le hathordú agus brúigh 
OK.
5. Brúigh na  
cnaipí Nascleanúna chun an cainéal atá roghnaithe
a bhogadh go dtí suíomh eile agus brúigh 
OK.
6. Brúigh 
 OPTIONS nuair atá tú réidh. 
7. Roghnaigh 
Fág athordaigh agus brúigh OK.
 
7.4
Cainéil satailíte a ghlasáil
Cainéal a ghlasáil
Is féidir leat cainéal a ghlasáil chun cosc a chur ar leanaí féachaint
air. Ní mór duit an Cód glais leanaí a chur isteach chun féachaint
ar chainéal atá glasáilte. Ní féidir cláir a ghlasáil ó ghléasanna
nasctha.
Chun cainéal a ghlasáil . . .
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh 
 LIST chun
an 
Liosta cainéal a oscailt.
2. In aon cheann de na liostaí, roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é
a ghlasáil.
3. Brúigh 
 OPTIONS agus roghnaigh Glasáil cainéal. I liosta
cainéal, marcáltar cainéal glasáilte le glas 
.
Chun cainéal a díghlasáil, roghnaigh an cainéal atá glasáilte sa
liosta cainéal agus roghnaigh 
Díghlasáil cainéal. Beidh ort an cód
glais leanaí a chur isteach.
Úsáid rátáil aoise
Is féidir leat rátáil aoise a úsáid chun leanaí a stopadh ó bheith ag
féachaint ar chlár nach bhfuil feiliúnach dá n-aois.
Tá rátáil aoise déanta ag roinnt craoltóirí ar a gcuid clár. Nuair
atá rátáil aoise cláir cothrom le nó níos airde ná an aois atá
socraithe agat mar rátáil aoise do do leanbh, glasálfar an clár.
Chun féachaint ar chlár atá glasáilte, ní mór duit an cód glais
leanaí a chur isteach. Tá an rátáil aoise tuismitheoirí socraithe do
gach cainéal.
Chun rátáil aoise a shocrú. . .
1. Brúigh 
 agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh 
Socruithe satailíte > Glas leanaí > Rátáil
tuismitheora agus brúigh OK.
3. Cuir isteach cód glais leanaí a bhfuil 4 digit ann. Mura bhfuil an
cód socraithe agat fós, roghnaigh 
Socraigh cód agus brúigh OK.
Cuir isteach cód glais leanaí a bhfuil 4 digit ann agus dearbhaigh.
Is féidir leat rátáil aoise a shocrú anois.
4. Socraigh an aois agus brúigh 
OK.
5. Brúigh 
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
6. Chun rátáil aoise tuismitheora a chasadh as, roghnaigh 
Gan
aon aoismar shocrú aoise.
Iarrfaidh an teilifís ort an cód a sholáthar chun an clár a
dhíghlasáil. I gcás roinnt craoltóirí / oibreoirí, ní chuireann an
teilifís glas ach ar chláir a bhfuil rátáil níos airde orthu.
26