Philips 22PFH4109/88 User Manual

Page of 72
8
Eolaire teilifíse
8.1
An t-eolaire teilifíse a úsáid
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Is féidir leat liosta de na cláir reatha agus iad siúd atá sceidealta ar
do chainéil a fheiceáil leis an eolaire teilifíse. Taispeánfar cainéil
analógacha agus dhigiteacha nó cainéil dhigiteacha amháin, ag
brath ar cé as atá eolas (sonraí) an eolaire teilifíse ag teacht. Ní
bhíonn eolas eolaire teilifíse ag gach cainéal.
Is féidir leis an teilifís eolas eolaire teilifíse a bhailiú do na cainéil
atá suiteáilte ar an teilifís (m.sh na cainéil a fhéachann tú orthu le
Féach ar Theilifís). Ní féidir leis an teilifís eolas eolaire teilifíse a
bhailiú do chainéil a fhéachtar orthu le glacadóir digiteach.
Oscail an Eolaire Teilifíse
Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt, brúigh  
 TV GUIDE
.
Brúigh 
 TV GUIDE arís chun dúnadh.
Déanann an teilifís scanadh ar gach cainéal teilifíse le haghaidh
eolas cláir an chéad uair a osclaíonn tú an t-eolaire teilifíse.
D'fhéadfadh sé seo roinnt nóiméad a thógáil. Stóráiltear sonraí
an eolaire teilifíse sa teilifís.
Tiúin do chlár
Athraigh go clár
 
 
Is féidir leat athrú go clár reatha ón eolaire teilifíse.
Chun clár a roghnú, úsáid na méaracha saighde chun ainm an
chláir a roghnú.
Gluais i dtreo na láimhe deise chun féachaint ar chláir atá
sceidealaithe níos deireanaí an lá sin.
Chun athrú go dtí an clár (cainéal), roghnaigh an clár agus brúigh 
OK.
Féach ar shonraí cláir
 
 
Chun sonraí an chláir atá roghnaithe a fháil, brúigh 
 INFO.
Athraigh an lá
Tá an t-eolaire teilfíse in ann cláir atá sceidealaithe do na
laethanta atá romhainn a thaispeáint (uasmhéid de 8 lá).
Má thagann eolas an eolaire teilifíse ón gcraoltóir, is féidir leat 
 + a bhrú chun sceideal ceann de na laethanta amach anseo a
fheiceáil. Brúigh 
  chun filleadh ar an lá roimhe sin.
Mar rogha air sin, is féidir leat 
 OPTIONS a bhrú agus 
Athraigh lá a roghnú.
Roghnaigh 
Lá Roimhe sin, Inniu nó An chéad lá eile agus brúigh 
OK, chun lá an sceidil a roghnú.
Cuardaigh de réir seánra
Má tá an t-eolas ar fáil, is féidir leat cláir sceidealaithe a aimsiú de
réir seánra cosúil le scannáin, spóirt, srl.
Chun cuardach a dhéanamh do chláir de réir seánra, brúigh 
 OPTIONS agus roghnaigh Cuardaigh de réir seánra.
Roghnaigh seánra agus brúigh 
OK. Taispeánfar liosta leis na cláir
a aimsíodh.
31